skip to main content

Aerfort na Sionainne agus ceist na neodrachta faoi iomrá arís

Aerfort na Sionainne
Aerfort na Sionainne

Ó tháinig an comhrialtas le chéile den chéad uair ag deireadh mhí Eanáir, ba léir go mbeadh ceist na neodrachta ina hábhar aighnis agus conspóide i measc polaiteoirí agus grúpaí feachtais.

Bhí an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Simon Harris, meáite ar leasú suntasach a dhéanamh ar reachtaíocht chosanta an Stáit, agus deireadh a chur leis an nglas triarach atá i bhfeidhm le hos cionn fiche bliain. De réir na meicníochta sin, bíonn gá le faomhadh ó na Náisiúin Aontaithe chun níos mó chun níos mó ná dháréag saighdiúirí de chuid Óglaigh na hÉireann a chur thar sáile ar dualgas síochánaíochta.

De réir an leasaithe atá beartaithe ar an reachtaíocht sa Bhille Cosanta, chuirfí deireadh le húdarás na Náisiún Aontaithe agus ba leor móramh sa Dáil agus sa Rialtas chun trúpaí a chur i mbun a ndualgas.

D'fhoilsigh an Rialtas Scéim Ghinearálta an Bhille an tseachtain seo caite, agus beidh scrúdú réamhreachtaíochta á dhéanamh ag an gCoiste um Chosaint agus Slándáil Náisiúnta ar an gcáipéis maidin Déardaoin.

Deir príomhpháirtithe an fhreasúra go bhfuil an Rialtas meáite ar chaidhp an bháis a chur ar pholasaí neodrachta an Stáit, agus tá ceannairí pháirtithe na heite clé agus Teachtaí Dála neamhspleácha eile tagtha le chéile chun Comhghuaillíocht na Neodrachta a bhunú chun seasamh a thógáil i gcoinne an Rialtais.

Ábhar mór cainte eile a bhíonn i gcroílár na díospóireachta nuair a bhíonn cor agus cúiteamh ar bun faoi chúrsaí neodrachta ná an úsáid mhíleata a bhaintear as Aerfort na Sionainne. Tá an chonspóid a bhaineann leis an aerfort ag bailiú nirt le seachtain anuas.

Tháinig sé chun solais an tseachtain seo caite gur thuirling eitilt dhíbeartha ó na Stáit Aontaithe sa tSionainn oíche Dé Máirt. Ochtar fear a bhí ar bord na heitilte, as Cúba, Laos, Meicsiceo, An tSúdáin Theas, Maenmar agus Vítneam, agus iad á ndíbirt go Djibouti san Afraic.

An mhí seo caite, rialaigh an Breitheamh Brian Murphy in Massachusetts nach bhféadfaí imircigh a dhíbirt chuig tíortha eile nach iad a dtíortha dúchais iad, go dtí go mbeadh deis acu agóid dhlíthiúil a dhéanamh in aghaidh an ordaithe. Dúirt an Breitheamh Murphy go raibh sárú déanta ag na húdaráis ar an ordú, agus go gcaithfí na fir a chur faoi choinneáil le fanacht ar éisteacht eile.

Chuir ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, an cheist faoi bhráid na Dála le linn cheisteanna na gceannairí, Déardaoin. Caithfear dul i ngleic le ceist na Sionainne ar bhonn práinne, a dúirt sí, agus chuir sí i leith an rialtais go bhfuil an chluas bhodhar á tabhairt acu don phobal agus don bhfreasúra, atá ag éileamh le fada go gcuirfí deireadh le húsáid mhíleata an aerfoirt.

Léiríonn an eachtra seo, a dúirt Ivana Bacik, go bhfuil aerfoirt na hÉirinn á n-úsáid mar 'uirlis’ ag na Stáit Aontaithe chun an dlí idirnáisiúnta a shárú. ‘Ábhar iontais’ di, a dúirt sí, nach bhfuil ‘puinn fiosrachta’ léirithe ag an rialtas faoin gceist.

Ivana Bacik

Tuigtear dúinn anois gur thuirling an eitilt chéanna, eitleán de chuid an chomhlachta Gulfstream, a bhí ar cíos ag Arm Mheiriceá, in aerfort na Sionainne arís oíche Dhéardaoin, agus é ag filleadh ar Texas.

Mar fhreagra ar cheist Ivana Bacik, dúirt an Tánaiste, Simon Harris, go raibh an t-eitleán cláraithe mar eitleán sibhialta, agus dá bhrí sin, nach raibh cead taidhleoireachta ón Roinn Gnóthaí Eachtracha ag teastáil le tuirlingt in Éirinn.

Ceist don Roinn Iompair a bhí ann, a dúirt sé, a ghlacann le hiarratais ó eitiltí sibhialta. D’aithin an Tánaiste go raibh an pobal imníoch faoin úsáid atá á baint ag na Stáit Aontaithe as Aerfort na Sionainne, agus dúirt sé go bhfuil an cás is déanaí á fhiosrú faoi láthair ag an Roinn Iompair.

Simon Harris

Cor suntasach eile ab ea an eachtra seo i scéal achrannach na Sionainne. Tá an t-aerfort i gcroílár an aighnis le beagnach 30 bliain. Sa bhliain 2002, chinn Rialtas na hÉireann, faoi stiúir an Taoisigh Bertie Ahern, cead a thabhairt d’arm na Stát Aontaithe tuirlingt san aerfort chun athbhreoslú a dhéanamh.

Tháinig an cinneadh seo sna sála ar Rún 1368 de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a aontaíodh i ndiaidh ionsaithe 9/11, inar éilíodh ar stáit comhoibriú lena chéile chun síocháin agus slándáil a chur chun cinn ar fud an domhain.

Thug an rún cosaint thaidhleoireachta, áfach, d’Uachtarán SAM, George W. Bush, agus ionradh á dhéanamh ag na Stáit Aontaithe ar an Afganastáin in 2001 agus ar an Iaráic dhá bhliain ina dhiaidh sin. Ag tús na bliana 2003, chuaigh 100,000 duine i mbun agóide ar shráideanna Bhaile Átha Cliath, iad ag máirseáil in aghaidh an chogaidh sa Mheánoirthear.

Ceithre seachtaine i ndiaidh na hagóide, chinn an rialtas, le tacaíocht ón Dáil, an socrú a dhaingniú leis na Stáit Aontaithe go mbainfí úsáid leanúnach as Aerfort na Sionainne mar stad buan na bhfórsaí agus iad ag taisteal soir.

Tá an socrú i bhfeidhm ó shin i leith. Measann an grúpa frithchogaíochta Shannonwatch, atá ag éileamh le fada go gcuirfí cosc ar thrúpaí Mheiriceá ón aerfort, go bhfuil tuairim is 3 mhilliún saighdiúir tar éis a slí a dhéanamh tríd an tSionainn ón mbliain 2002, ar eitleáin a chláraítear go hoifigiúil mar eitiltí sibhialta seachas mar eitiltí míleata. Ag buaicphointe an chogaidh san Iaráic in 2005, tuairiscíodh go mbíodh 6,500 saighdiúir in aghaidh na seachtaine á seoladh tríd an aerfort.

I mí na Nollag 2002, tugadh le fios i gcáipéis slándála de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha nach raibh cead ag eitleáin mhíleata iasachta tuirlingt in aerfort de chuid an stáit dá mbeadh airm, armlón nó pléascáin á n-iompar acu.

Bliain ina dhiaidh sin, dheimhnigh an tAire Gnóthaí Eachtracha, Brian Cowen, go raibh Aerfort na Sionainne in úsáid ag fórsaí na Stát Aontaithe agus go mbíodh "airm phearsanta á n-iompar acu, uaireanta," ach "nach raibh siad lódáilte." Is eitleáin iad seo a bhíonn ar cíos ag an arm, agus mar sin, ní dhéantaí iad a rangú mar eitleáin mhíleata.

De réir Orduithe Aerloingseoireachta 1973, ní cheadaítear d’eitiltí sibhialta airm chogaidh a iompar trí aerspás na hÉireann ach amháin sa chás go dtugann an tAire Iompair díolúine dóibh. Sula mbronntar an díolúine, téann an Roinn Iompair i gcomhairle leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus leis an Roinn Dlí agus Cirt le cinntiú nach mbeadh dualgais na hÉireann á sárú i dtaca leis an dlí daonnúil agus nach mbeadh an díolúine ag teacht salach ar pholasaí eachtrach an Stáit. Dheimhnigh Micheál Martin é seo agus ceist pharlaiminte á fhreagairt aige sa bhliain 2023, fad is a bhí sé ina Thánaiste agus ina Aire Gnóthaí Eachtracha.

Rinneadh cás na Sionainne a throid os comhair na hArd-Chúirte in 2003. Chuir Edward Horgan, gníomhaí frith-chogaíochta agus iarshaighdiúir in Óglaigh na hÉireann, i leith an Rialtais go raibh sárú á dhéanamh acu ar dhualgais an Stáit faoi Alt 28 agus 29 de Bhunreacht na hÉireann agus go raibh an dlí idirnáisiúnta á bhriseadh, trí chead a thabhairt d’eitleáin mhíleata SAM leas a bhaint as Aerfort na Sionainne agus iad i mbun cogaíochta san Iaráic.

Rialaigh an Ard-Chúirt i bhfabhar an Stáit, gan dóthain fianaise ann go raibh sárú déanta ar an mBunreacht, cé gur cinneadh go raibh sárú déanta ag an Stát ar Choinbhinsiún na Háige i dtaca le dualgais tíortha neodracha i gcás cogaidh.

Údar imní eile ag lucht feachtais is ea an úsáid atá bainte ag an CIA as Aerfort na Sionainne ón mbliain 2000 i leith. Thug an eagraíocht cearta daonna Amnesty International le fios in 2006 go mbíodh eitiltí seachadta de chuid an CIA ag tuirlingt sa tSionainn agus príosúnaigh a gabhadh sa Mheánoirthear ar bord. Príosúnaigh ó thíortha an Mheánoirthir a bhíodh i gceist den chuid is mó, ar cuireadh ina leith, gan fianaise go minic, go raibh baint acu le grúpaí sceimhlitheoireachta agus a coimeádadh faoi choinneáil gan triail.

Tá fianaise ann, a deir Amnesty, go mbídís á gcéasadh ag suíomhanna rúnda ar a dtugtaí ‘suíomhanna dubha’ orthu lasmuigh de na Stáit Aontaithe. Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid Chomhairle na hEorpa in 2006 go raibh Éire i measc 14 thír a raibh baint acu le clár seachadta príosúnach na Stát Aontaithe. Cé nár cuireadh fiosrúchán i gcrích riamh, dheimhnigh Rialtas na hÉireann nár tugadh príosúnaigh ar bith tríd an Stát, agus go raibh deimhniú faighte acu ó Údaráis na Stát Aontaithe nach raibh Aerfort na Sionainne á úsáid ag an CIA mar chuid den chlár seachadta.

Ó mhí Dheireadh Fómhair 2023, agus bombardú leanúnach á dhéanamh ag Iosrael ar Stráice Gaza, tá ceist na Sionainne ag cothú aighnis i bhfianaise ról na Stát Aontaithe san fheachtas cogaíochta, agus airm á soláthar acu d’Iosrael. Tá conspóid ann, chomh maith, faoin sárú atá á dhéanamh ar aerspás na hÉireann, atá ina ábhar achrainn sa Dáil le bliain go leith anuas.

Tuairiscíodh ar an suíomh nuachta The Ditch go bhfuil os cionn 200 eitilt shibhialta tar éis airm a iompar trí aerspás an Stáit agus iad ag triall ar Iosrael, rud a d’fhágfadh go bhfuil dlí na hÉireann á shárú arís agus arís eile ag comhlachtaí atá comhpháirteach i bhfeachtas cogaíochta Iosrael in Gaza.

Sa Dáil le déanaí, bhronn an Teachta Dála Paul Murphy ón bpáirtí Pobal Seachas Brabús – Dlúthpháirtíocht, beart cáipéisí ar an Tánaiste Simon Harris. "Fianaise dhoshéanta" a bhí ann, a dúirt sé, go raibh sárú á dhéanamh ar aerspás na tíre, agus d’éiligh sé ar an Tánaiste an dlí a chur ar na comhlachtaí eitleán.

Paul Murphy - RTE
Paul Murphy

Cé go ndeir an Tánaiste nach gcreideann sé go bhfuil airm á n-iompar trí aerspás na hÉireann, dúirt sé go n-aithníonn sé go bhfuil sé "dúshlánach" bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar lastas ar bith a bhíonn á iompar ar eitiltí trí aerspás an Stáit. Tá reachtaíocht molta ag na Seanadóirí Alice-Mary Higgins, Lynn Ruane, Eileen Flynn agus Frances Black le dul i ngleic leis an gconspóid seo.

Anuraidh, cuireadh An Bille Aerloingseoireachta agus Aeriompair (Lánchosc Arm) 2024 faoi bhráid an tSeanaid, a chuirfeadh srianta ar thrasghluaiseacht agus ar onnmhairiú arm cogaidh tríd an Stát. Tá an bille á scrúdú ag céim an choiste sa Seanad faoi láthair.

Idir Eanáir 2021 agus Nollaig 2024, chuaigh os cionn 220,000 saighdiúir trí Aerfort na Sionainne, de réir na bhfigiúirí a foilsíodh ón Roinn Iompair. Le linn na tréimhse céanna, thug an Roinn faomhadh oifigiúil do 4,622 iarratas ar airm a iompar ar eitleáin shibhialta. Tugadh cead do 1,306 díobh sin tuirlingt in Éirinn agus ligeadh do 2,797 díobh cúrsa a rianú trí aerspás an Stáit.

Tá sé ráite go neamhbhalbh ag páirtithe an fhreasúra go bhfuil neodracht na tíre á creimeadh de réir mar a thugtar cead a gcinn d’eitleáin Mheiriceá Aerfort na Sionainne a úsáid mar bhunáit athbhreoslaithe. Deir an Rialtas nach bhfuil sárú á dhéanamh ar pholasaí eachtrach an Stáit ná ar an dlí idirnáisiúnta.

D’fhógair an tAire James Lawless i mí na Samhna anuraidh, agus é ina aire stáit sa Roinn Iompair, go mbeadh ‘cumhachtaí suntasacha’ á gcur i bhfeidhm ag an Rialtas chun go bhféadfadh údaráis na hÉireann eitleáin de chuid na Stát Aontaithe a chuardach ar an toirt, le cinntiú nach raibh airm á n-iompar faoi choim acu. Dúirt an Rialtas ag an am go mbeadh ‘smachtbhannaí tromchúiseacha’ i gceist sa chás nach gcloífí leis na rialacha.

Beidh géarú ar an aighneas agus ar dhíospóireachtaí na Dála sna laethanta amach romhainn.