Maraíodh coisí – bean sna hochtóidí – nuair a bhuail bus í i nDún Léire i gCo Lú go gairid roimh am lóin inniu.
Tharla an tubaiste ar an tSráid Mhór Íochtarach ar an mbaile sin ag thart ar 12.20.
Tugadh an bhean chuig Ospidéal Mhuire Lourdes i nDroichead Átha, mar ar fógraíodh go hoifigiúil gur cailleadh í.
Tá scrúdú teicniúil á dhéanamh ar láthair na tionóisce ag na Gardaí.
Tá an bhean ar an gcuigiú duine a maraíodh i dtimpistí bóthair sa tír ó Dé Sathairn.
Maraíodh tiománaí, rothaí agus beirt choisithe – ar mhná iad ar fad – i Loch Garman, i gCo an Chláir, i gCo na Mí agus i dTír Eoghain.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ