skip to main content

An scríbhneoir, an craoltóir Aogán Ó Muircheartaigh tar éis bháis

Aogán Ó Muircheartaigh 1948-2025 (Pic: Máire Uí Mhaicín/Foras na Gaeilge)
Aogán Ó Muircheartaigh 1948-2025 (Pic: Máire Uí Mhaicín/Foras na Gaeilge)

Tar éis bháis tá an t-iarchaoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta Aogán Ó Muircheartaigh.

Ba i stáisiún an raidió i mBaile na nGall i gCorca Dhuibhne a bhí Aogán lonnaithe ar feadh na mblianta agus chaith sé scaitheamh ina bhainisteoir réigiúin leis.

Gaeilgeoir go smior ab ea é agus bhí cáil na filíochta, na scríbhneoireachta, na haistritheoireachta agus na heagarthóireachta air.

Bhuaigh Aogán duais Sheáin Uí Ríordáin as a chnuasach filíochta Oíche Ghréine ag Oireachtas na Gaeilge i 1987.

Saothar tábhachtach léinn leis is ea an leabhar Oidhreacht an Bhlascaoid (Coiscéim, 1989).

Bhí cruinneas, cumas agus cur amach ar chanúintí na Gaeilge luaite go láidir le hAogán chomh maith.

Maireann a bhean agus a chlann.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ