skip to main content

Tá 20 bliain imithe tharainn ón tragóid bus ar bhóthar gar don Uaimh, inar maraíodh cúigear daltaí meánscoile

Maraiodh cúigear nuair a d'iompaigh bus scoile ar a thaobh ar an mbóthar idir an Uaimh agus Baile an Cheantaigh ar 23 Bealtaine 2005
Maraiodh cúigear nuair a d'iompaigh bus scoile ar a thaobh ar an mbóthar idir an Uaimh agus Baile an Cheantaigh ar 23 Bealtaine 2005

Cothrom an lae seo fiche bliain ó shin, gnáthlá scoile a bhí ann i gContae na Mí.

Ach bhuail tragóid baile na hUaimhe an lá sin, nuair a d'iompaigh bus scoile ar a thaobh agus é á thiomáint timpeall cúinne. Maraíodh cúigear cailíní san eachtra agus gortaíodh go leor de na 51 déagóir eile a bhí ar bord.

Tharla an tragóid ar an mbóthar idir an Uaimh agus Baile an Cheantaigh. Tá leac comórtha i gcuimhne na marbh ar an láthair anois, agus tá cúig chrann silíní ag fás ann.

B'iad Lisa Callan, cúig bliana déag, Clare McCluskey, ocht mbliana déag, Aimee McCabe, cúig bliana déag, Deirdre Scanlon, seacht mbliana déag agus Sinéad Ledwidge, cúig bliana déag, a cailleadh sa timpiste.

Bhí ceathrar de na mairbh ag freastal ar Mheánscoil Naomh Micheál Loreto, an Uaimh, agus duine amháin ar Choláiste Beaufort.

Deir Bus Éireann go raibh an tragóid ar cheann amháin de na heachtraí b'uafásaí riamh i stair na heagraíochta

Gortaíodh daltaí ó dhá scoil eile ar an mbus, Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig ina measc.

"Is cuimhin liom go maith an tráthnóna cinniúnach sin", a dúirt Príomhoide Scoil Chlasaiceach Naomh Pádraig inniu. "Is deacair a chreidiúint go bhfuil fiche bliain imithe tharainn ó tháinig an deireadh tragóideach sin le turas bus abhaile ón scoil. Tharraing an eachtra aird na meán, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud na cruinne."

Goilleann an lá sin ar mhuintir na hUaimhe go fóill.

D'fhreastail an t-ionadaí áitiúil, an Comhairleoir Emer Tóibín, Aontú, ar Mheánscoil Naomh Micheál. Deir sí nach ndéanfaidh sí dearmad choíche ar an scéal a chloisteáil.

"Bhí mé sa mbaile le mo theaghlach beag, mo chúpla nuabheirthe", a deir sí. "Chuala mé an scéal agus baineadh geit uafásach asam. Bhí oiread trua agam do na teaghlaigh ar fad ar cailleadh a n-iníonacha."

Tá aifreann comórtha ar siúl san Uaimh inniu.

Phléadail Bus Éireann, Comhairle Chontae na Mí agus Garáiste Keltank Teoranta ciontach i gcúiseanna éagsúla a bhain leis an timpiste agus gearradh, in iomlán, €2.2m orthu.

I ráiteas, dúirt Bus Éireann go bhfuil an tragóid seo fós ar cheann amháin de na heachtraí b'uafásaí riamh i stair na heagraíochta.