Dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go bhfuil córas sláinte Gaza ar tí titim as a chéile agus fórsaí míleata Iosrael ag déanamh slada ann i gcónaí gan iamh ná foras.
Níl ach naoi gcinn déag de 36 ospidéal Gaza ag feidhmiú faoi láthair, agus ansin féin is ag feidhmiú ar éigean atá siad tar éis an damáiste atá déanta ag na hIosraelaigh dóibh.
Tá seirbhísí leighis curtha ar fionraí ag ceithre phríomhospidéal le seachtain.
Ceannaire na hEagraíochta Domhanda Sláinte, Tedros Adhanom Ghebreyesus, shir sé go tochtmhar ar na hIosraelaigh trócaire a dhéanamh ar na Palaistínigh agus deireadh a chur leis an bhforbhrúidiúlacht, i leith is go gcuirfí iúl ina impí.
Go deimhin, tá ionradh as an nua déanta ag fórsaí Iosrael ar cheithre chomharsanacht déag i dtuaisceart Gaza agus glactar leis gur scrios agus slad a dhéanfas siad iontu an athuair.
Tá na hIosraelaigh mionnaithe, a deir siad, gach cearn de Gaza a chur faoina smacht.
I dtaca le cúrsaí bia de, níl cúrsaí puinn níos fearr agus muintir Gaza curtha i ngorta ag na hIosraelaigh.
In ainneoin gur ligeadh isteach san áit inné roinnt plúir agus ábhar eile bia is follas nár leor é ná baol air.
De bharr an oiread ocrais a bheith ar dhaoine, tuairiscíodh go raibh sciolairt ar na soláthairtí sin agus go raibh daoine san úll ag a chéile.
Ina cheann sin, a bhfuil ann de bhia níl mórán cothaithe ann.
Rís, pasta agus a leithéidí sin atá daoine a ithe ach níl torthaí, glasraí ná feoil ite acu le míonna.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ