skip to main content

Gan ach 'díol dreoilín' á ligean isteach in Gaza ag Iosrael

Cathair Gaza, 22 Bealtaine 2025
Cathair Gaza, 22 Bealtaine 2025

Tuairiscítear go bhfuil plúr agus ábhar eile bia á ligean isteach in Gaza arís ag fórsaí míleata Iosrael ach deir na Palaistínigh nach leor é ná baol air.

Níl díol a bhfreastail ag an bpobal in Gaza ó chuir na hIosraelaigh cosc ar sholáthairtí bia a thabhairt isteach san iamhchríoch beagnach trí mhí ó shin.

Deir na hIosraelaigh gur lig siad isteach ann inniu 100 leoraí a bhí lán le bia naíonán agus soláthairtí leighis.

Más fíor, tá a fhios ag an saol gur géar a theastaíonn siad siúd is gur 600 leoraí sa ló ar a laghad atá de dhíth.

Tuairiscitear gur cailleadh 29 leanbh le hocras – nó le haicídí atá bainteach le hocras – in Gaza le cúpla lá agus glactar leis go bhfuil na mílte eile i mbaol.

Go deimhin, creideann na Náisiúin Aontaithe go bhféadfadh 14,000 leanbh bás a fháil in Gaza mura bhfaighidh siad riar a riachtanais go luath.

Tuairiscítear chomh maith gur mharaigh na hIosraelaigh 52 duine in ionsaithe a rinne siad ar áiteanna éagsula ar fud Gaza ó inné.

Tá fógra tugtha freisin ag na hIosraelaigh do Phalaistínigh i gceithre chomharsanacht déag i dtuaisceart Gaza imeacht as na háiteanna sin gan mhoill.

Glactar leis go bhfuil rún na hIosraelaigh na háiteanna sin a leacú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ