skip to main content

Deir col ceathar de chuid Tina Satchwell nach bhfaca sí Tina agus í trodach ná ionsaitheach lena fear céile riamh

Tina Satchwell
Tina Satchwell

Deir Sarah Howard, gaol de chuid Tina Satchwell nach bhfaca sí Tina agus í trodach ná ionsaitheach lena fear céile Richard Satchwell riamh.

Tá Richard Satchwell ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú a mhná céile Tina i Márta 2017.

Fuarthas taisí Tina Satchwell curtha faoin staighre ina tigh cónaithe 6.5 bliain ina dhiaidh sin.

Dúirt Sarah Howard, gur cheap sí go raibh tairiscint a rinne Richard Satchwell reoiteoir a thabhairt di saor in aisce, seachtain i ndiaidh dá bhean chéile Tina imeacht ar iarraidh, an-aisteach mar ní duine é a thabharfadh rudaí uaidh.

Ina cuid fianaise, dúirt Sarah Howard go raibh sí an-mhór le Tina Satchwell nuair a bhí sí ag fás aníos.

Dúirt sí gur chaith siad an-chuid ama le chéile, ag snámh, ag siúl leis an madra agus ag dul timpeall Mhainistir Fhear Maí le chéile.

Dúirt sí gur duine grámhar, le croí mór, a raibh an-ghrá aici d'ainmhithe a bhí i Tina. Dúirt sí gur duine gealgháireach, lách a bhí inti.

Dúirt Sarah Howard leis an gcúirt nach bhfaca sí mórán do Tina Satchwell nuair a bhog sí go Eochaill i mBealtaine 2016 mar ní raibh Tina in ann tiomáint.

Dúirt Sarah Howard go bhfuair sí amach go raibh Tina ar iarraidh nuair a dúirt a máthair léi faoi ar an 26 Márta 2017.

Dúirt sí go raibh sé an-aisteach nach raibh na madraí tugtha aici léi mar nach ndeachaigh sí in aon áit gan na madraí.

Dúirt sí go ndúirt Richard Satchwell go raibh siad ag argóint agus go raibh Tina tar éis é a fhágaint. Dúirt Sarah Howard go ndúirt Richard Satchwell gur chaith Tina cupán leis nó rud éigin.

Deir Sarah Howard, gaol de chuid Tina Satchwell nach bhfaca sí Tina agus í trodach ná ionsaitheach lena fear céile Richard Satchwell riamh.

Leanfaidh an triail amárach.