skip to main content

D'fhreagair Samáraigh na hÉireann 50 glaoch gach uair an chloig i 2024

D'fhreagair na Samáraigh 50 glaoch gach uair an chloig i 2024
D'fhreagair na Samáraigh 50 glaoch gach uair an chloig i 2024

D'fhreagair oibrithe deonacha le Samáraigh na hÉireann 50 glaoch gach uair an chloig i 2024.

Tugtar an méid sin le fios i dtuarascáil nua atá foilsithe ag an gcarthanacht.

Freagraíodh 470,000 glaoch anuraidh, tuairim is 1,200 glaoch gach lá.

Bhain an imní is mó a bhí ar dhaoine a ghlaoigh ar na Samáraigh le cúrsaí meabhairshláinte nó le tinneas agus le huaigneas chomh maith le fadhbanna teaghlaigh.

Thug oibrithe deonacha 100,000 uair an chloig do thacaíocht agus ar an meán mhair glaochanna tuairim is 28 nóiméad.

Idir an dá linn, cuireadh 6,800 glaoch ar mhalairt slí i dtreo eagraíochtaí eile a bhfuil líne chabhrach acu nuair nach raibh fáil ar na Samáraigh.