Deir na Naisiúin Aontaithe nár scaipeadh aon chuid de na soláthairtí fóirithinte a tugadh isteach go Gaza fós, cé go ndeachaidh leoraithe a bhí lán le hearraí isteach sa limistéar i ndiaidh bac a bheith curtha ag forsaí Iosrael ar a leithéid le 11 seachtain.
Tá an méid fóirithinte atá á scaoileadh isteach go Gaza ag Iosrael ''thar a bheith easnamhach'', a deir Médecins Sans Frontières.
Deir Oxfam go bhfuil daoine i nGaza ag fáil bháis leis an ocras agus go bhfuil daoine tar éis bás a fháil leis an ocras cheana féin, daoine óga agus seandaoine ina measc.
Deir na Náisiún Aontaithe nach bhfuil aon chabhair dhaonnúil dáilte i nGaza fós in aineoinn go bhfuil leorraithe tar éis dul isteach sa limistéar le dhá lá anuas.
Deir daoine ar an dtalamh i nGaza go bhfuil cúrsaí ag éirí níos measa lá i ndiaidh lae. Tá foláireamh tugtha ag saineolaithe domhanda go bhfuil baol mór ann go dtarlóidh gorta.
Deir oifigigh ó Iosrael go ndeachaigh 93 leorraí isteach i nGaza ó Dé Máirt.
Tá achainí déanta ag an bPápa Leo agus ag an dTaoiseach Micheál Martin ar Iosrael soláthairtí fóirithinte a scaoileadh isteach i nGaza.
Tuairiscítear gur maraíodh os cionn 40 duine in ionsaithe aeir thar oíche.
Níos luaithe , scaoil saighdiúirí Iosrael urchair gar do ghrúpa taidhleoirí as an Aontas Eorpach agus iad ar cuairt ar an mBruach Thiar. Bhí beirt as Éirinn ina measc.
Dúirt an Tanáiste, Simon Harris go bhfuil alltacht air faoin méid a tharla.
Níor gortaíodh aon duine san eachtra.