Tá Rialtas Iosrael chun leoraithe bia páistí a scaoileadh isteach an athuair go Gaza, an chéad fhóirithint ón taobh amuigh ceadaithe acu ó d'fheidhmigh siad lán-chosc ar ábhar fóirithinte an 2ú Márta.
Tá na Náisiún Aontaithe ó shin ag fógairt go rialta go bhfuil mórchuid den daonra os cionn 2 mhilliún duine i mbaol gorta.
Cé go bhfuil Iosrael tar éis géarú ar an gcogadh, tá toradh ar an mbrú leanúnach le scaitheamh, go háirid óna gcomrádaí láidir Meiriceá, le bia agus uisce agus ábhar leighis a cheadú an chéad uair le beagnach ráithe.
"As seo go ceann roinnt laethanta tá Iosrael chun na dosaen leoraithe fóirithinte a cheadú" a d'fhógair ardstiúrthóir na Roinne Gnóthaí Eachtracha Edan Bar Tal, cé nach dtabharfadh sé aon léargas níos cruinne ná sin.

D'fhógair Gníomhaireacht Daonnúil na Náisiún Aontaithe, an OCHA, go raibh siad i mbun comhráití le údaráisí Iosrael faoi fhóirithint i gcoitinne a scaoileadh isteach arís san gCaolas faoi léigear.
Tá iriseoirí de chuid na Palaistíne ag tuairisciú go mbeidh 50 leoraí ag iompar plúir, ola chócaireachta agus pónairí á gceadú, agus deir meáin in Iosrael go mbeidh 9 leoraí ar a mbeidh bia naíonán á scaoileadh isteach roimh dheireadh an lae.
Tá sé ráite go minic le tamall ag an bPríomhAire Netanyahu go mbeidh smacht ag Iosrael ar Ghaza ina iomláine, beag beann ar cháíneadh idirnáisiúnta agus an brú atá ag géarú le deireadh a chur leis an mbac ar chúnamh daonnúil.
D'fhógair Arm Iosrael feachtas nua cogaíochta Dé hAoine agus inniu chuir siad fainic ar an bpobal ar fad i gCathair Khan Younis i ndeisceart Gaza "teitheadh i dtreo an chósta" sula dtugtar faoi "ionsaí ar scála nár facthas cheana riamh."

Ó shin d'fhoilsigh an PríomhAire físeán inar gheall sé "bua iomlán" ar Hamas, agus fuascailt an 58 giall atá fós i ngéibheann, ach thagair sé freisin don bhrú ó "Sheanadóirí de chuid na Stát Aontaithe, na cairde is fearr ar fearr ar domhan atá ag Iosrael ag gabháil siar blianta fada, atá ag cur comhairle orainn go bhfuil na pictiúir den ocras i nGaza ag lagú an tacaíocht d'Iosrael agus ag cur an smacht atá againn i mbaol.
"Is dá bharr sin, chun an bua a chinntiú, a chaithfidh muid a theacht ar réiteach ar an bhfadhb sin" a dúirt Netanyahu, teachtaireacht dhíreach ag an dream is diongbháilte ar son an tSiónachais a deir go bhfuil pé fóirithint a cheadaítear ag gabháil díreach ag Hamas.

Deir Údarás Cosanta Sibhialta Ghaza go bhfuil 52 duine ar a laghad maraithe ag ionsaithe ón aer de chuid Fhórsaí Iosrael ó mheánoíche aréir.
Tuairiscítear go bhfuil an bhuamáil tosaithe arís tráthnóna agus go bhfuil saighdiúirí Iosrael ag leathadh tuilleadh.