skip to main content

Trump ag iarraidh bualadh le Putin "chomh luath agus is féidir"

Dúirt Uachtarán na Stát Aontaithe go bhfuil sé ag iarraidh bualadh le Vladimir Putin "chomh luath is féidir é a eagrú".

Luaigh Donald Trump, go raibh sé sásta páirt a ghlacadh sna chéad cainteanna díreacha idir An Rúis agus An Úcráin le breis agus 3 bliana anuas.

Dúirt Donald Trump nach mbeidh aon dul chun cinn ann go dtí go mbuailfidh sé féin agus Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin, le chéile aghaidh ar aghaidh.

Tá Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky sa Tuirc, an áit bhfuil na cainteanna ar siúl ach dúirt sé nach mbeidh sé ag freastal orthu, tar éis do Vladimir Putin diúltú dá chuireadh le cruinniú pearsanta a bheith acu.

Thug Volodymyr Zelensky an dúshlán do Vladimir Putin a bheith i láthair chun cruthú go bhfuil sé dáiríre faoi chainteanna síochána.

Vladimir Putin é féin a mhol na cainteanna díreacha, ach chuir sé toscaireacht ar leibhéal íseal ann ina áit.

Tá toscaireachtaí ón dá thaobh in Iostanbúl inniu le haghaidh an cruinniú ach níl mórán dóchais ann ó Meiriceá ná an Úcráin go ndéanfar dul chun cinn dá bhrí nach mbeidh Uachtarán na Rúise i láthair.

Tá Vladimir Medinsky i gceannas ar thaobh na Rúise, agus beidh an tAire Cosanta, Rustem Umerov, i gceannas ar thaobh na hÚcráine.

Sos cogaidh 30 lá, tabhairt ar láimh na bpáistí uile a fuadaíodh as an Úcráin agus malartú iomlán príosúnach cogaidh: sin iad na príorachtaí atá ag toscairí na hÚcráine.

Deir an Rúís go bhfuiltear réidh le sos cogaidh a phlé, ach gur díol imní dóibh an úsáid a bhainfidh an Úcráín as an am le tuilleadh arm agus saidhdiúirí a chruinniú.