skip to main content

'Dúshlán sláinte' ag cur Daniel dá chamchuairteana, tamall

Dúirt Daniel O'Donnell go bhfuil sé chun briseadh a thógáil óna chuid camchuairteanna mar gheall ar "dúshláin sláinte".

Sa ráiteas a d'eisigh fear Chionn Chaslach inniu, deirtear nach cinneadh tobann é seo, agus cinneadh atá bunaithe ar na dúshláin sláinte atá aige le cúpla bliain anuas, go háirithe ailléirgí agus ionfhabhtú cliabhraigh a thagann ar ais go minic agus é ag taisteal.

Leanfaidh sé air leis na camchuairteanna atá geallta aige go dtí mí na Nollaig 2025.

Deirtear go neamhbhalbh nach bhfuil sé ag éirí as an gceol, ach gur sos sealadach amháin é, sos atá riachtanach le teacht chuige féin.

Thar na blianta, ghlac sé sosanna eile ó bheith ar chamchuairteanna, ag lua cúiseanna pearsanta cosúil le sláinte agus am a chaitheamh lena theaghlach.

Beidh an t-amhránaí le feiceáil arís ar TG4 an bhliain seo chugainn, ina shraith cheoil Opry le Daniel.