skip to main content

Ar a laghad 82 maraithe in ionsaí aeir is déanaí ar Gaza

Tá ar a laghad 82 duine maraithe in ionsaithe aeir agus buamáil airtléire Iosrael ar Gaza ó thús an lae, de réir lucht tarrthála.

Dúirt an Chosaint Shibhialta go ndearna Iosrael buamáil aeir ar Gaza agus gur dhírigh siad ar roinnt tithe i dtuaisceart na hiamhchríche.

Ceapadh níos luathe, gur 50 a fuair bás san ionsaí céanna, ach tá sé sin ardaithe anois go 82.

Tagann sé seo sna sála ar 80 duine bheith maraithe in ionsaithe i nGaza inné, dar leis na húdaráis sláinte.

Níos luathe an mhí seo, cheadaigh rialtas Iosrael pleananna chun an t-ionsaí a leathnú, agus labhair siad faoi Gaza a chur faoi chois.

As na 251 giall a tógadh le linn ionsaí Hamas mí Dheireadh Fómhair 2023, tá 57 fós i nGaza, 34 acu atá maraithe, dar leis an IDF.

Maraíodh 1,218 Iosraelach san ionsaí sin, formhór acu ina sibhialtaigh, de réir fhigiúirí oifigiúla Iosrael.

Deir Aireacht Sláinte Hamas i nGaza go bhfuil 52,928 duine ar a laghad maraithe ansiúd mar thoradh ar chogadh Iosrael ar Hamas, mar a thugann siadsan air, formhór acu ina sibhialtaigh. Figiúirí iad seo a mheasann na Náisiúin Aontaithe bheith iontaofa.