skip to main content

Seacht mbliana príosúin as bás beirt dhéagóirí i Muineacháin.

Kiea McCann, agus Dlava Mohammed a bhásaigh sa timpiste bóthair mí Iúil 2023
Kiea McCann, agus Dlava Mohammed a bhásaigh sa timpiste bóthair mí Iúil 2023

Seacht mbliana priosúnachta é an pianbhreith a gearradh inniu ar fhear 61 bhiain d'aois a phléadáil ciontach i dtiomáint chontúirteach is trúig bháis do bheirt dhéagoirí i gCo. Mhuineacháin beagnach dhá bhliain ó shin.

Bhí Kiea McCann, 17, agus a dlúthchara Dlava Mohammed, 16, ar a mbealach chuig a rince cinn scoile nuair a bhuail an carr ina raibh siad ag taisteal faoi chrann ag Log na Caillí an 31 Iúil 2023. Maraíodh an bheirt dhéagóirí san eachtra.

Phléadáil Anthony McGinn as Droim Lú, Cúil Darach, Co. Mhuineacháin ciontach cheana sa tiomáint chontúirteach is trúig lena mbás.

Phléadáil sé ciontach freisin i dtiomáint chontúirteach is trúig le díobháil thromchúiseach corpartha, i leith dheirfiúr Dlava, Avin, a bhí sa charr an oíche sin freisin. Tá a saol athraithe de bharr na díobhála a bhain di.

Dúradh sa chúirt gur thairg Anthony McGinn é féin mar thiománaí do na déagóirí agus chuala an chúirt cheana go raibh siúl beagnach dhá oiread na teorainne luais, 80km/hr, faoina charr díreach roimh an timpiste.

Naoi mbliana a bhí sa daorbhreith cheannlíne ag an mBreitheamh John Aylmer, á rá go raibh an cion seo ag ceann uachtarach an scála, ó tharla gur sárú millteanach é ar an muinín a bhí curtha ann ag muintie McCann agus nár thug sé aon aird ar impí bheirt de na déagóirí moilliú ar an luas.

Dúirt máthair Kiea, Teresa McCann, nach raibh ceartas sa daorbhreith inniu.

Dúirt sí nach raibh aon cheartas air seo, go raibh saol a hiníne imithe agus nach mbeadh sí ag teacht ar ais.

Gortaíodh Anthony McGinn sa timpiste freisin agus chaith naoi mí gan aithne gan urlabhra.

Dúirt an Breitheamh gur fachtóirí iad a mhaolódh an daorbhreith iad nach raibh ólachán ná drugaí i gceist, gur phléadáil McGinn ciontach go luath, rud a shábháil triail ar an dá theaghlach agus go bhfuil an fhreagracht as bás na beirte ag luí go trom air.

Cuireadh Anthony McGinn ar fionnraí ón tiomáint freisin go ceann 15 bhliana.