Tá Gluaiseacht Hamas i nGaza tar éis an Meiriceánach Edan Alexander, saighdiúir de chuid Arm Iosrael a bhí coinnithe ina ghiall acu, a scaoileadh saor tráthnóna agus beagán dóchais arís ann faoi chainteanna síochana a thosú an athuair.
Deir Hamas go bhfuil siad faoi réir tabhairt faoi chainteanna cuimsitheacha le theacht ar shos cogaidh a mhairfidh, ach tá Príomhaire Iosrael Benjamin Netanyahu tar éis a rá nach mbeidh aon sos ann agus go leanfar leis an ullmhú leis an trodaíocht a ghéarú.
Bhí sé ráite ag Netanyahu go mbeadh faoiseamh beag óna hionsaithe ar Ghaza le cinntiú go dtiocfadh an saighdiúir amach slán as an limistéar, agus dheimhnigh Palaistínigh go raibh suaimhneas sa réigiún ó mheánlae inniu, gan radharc ar eitleán cogaidh ná drón.
Inné a tugadh le fios do Rialtas Iosrael go raibh sé beartaithe an giall deireanach de chuid na Stát Aontaithe atá fós ina bheatha a scaoileadh saor, mar chomhartha dea-mhéine leis an Uachtarán Trump.
Tamall gearr ina dhiaidh dheimhnigh Trump ar an meán shóisialta Truth Social go raibh Edan Alexander le scaoileadh as géibheann.
Is toradh é ar chainteanna idir Hamas agus na Stáit Aontaithe, agus an Éigipt agus an Chatar i mbun eadrána, comhráití a mheastar a leanfaidh féachaint leis an 57 giall eile, 23 duine ina mbeatha ina measc, a scaoileadh saor 19 mí ó rinne Hamas ionsaí ar Iosrael.
Ach deir Netanyahu nach bhfuil geallta ag Iosrael ach go gcinnteofar cosán slán don saighdiúir inniu, agus go leanfaidh an cogadh.
Aréir agus ar maidin lean na hionsaithe ar Ghaza.
Maraíodh ar a laghad 15 duine i scoil ina raibh daoine gan dídean tar éis teitheadh i Jabalia i dtuaisceart Ghaza a deir údaráisí sláinte.

Tá sé beartaithe ag an Uachtarán Trump cuairt a thabhairt ar an Araib Shádach, an Chatar agus ar Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha an tseachtain seo ach ní bheidh sé in Iosrael.
Tá an Taidhleoir Speisialta atá aige, Steve Witkoff, sa tír sin inniu.
Ghlac muintir Edan Alexander buíochas le Trump agus le Witkoff agus dúirt siad go raibh súil acu go réiteodh sé an bealach leis an gcuid eile de na gialla a scaoileadh saor.
Iosrael cáinte faoi thosaíocht giall
Tá feidhmeannaigh Rialtais de chuid Washington tuairiscítear ag iarraidh a ghabháil i ngleic leis an imní atá ag borradh in Iosrael go bhfuil deighilt ag tarlú idir iad agus Réimeas Trump.
D'fhógair an tUachtarán an tseachtain seo caite go raibh sé ag cur deireadh leis na ruathair buamála a bhí ar bun ag Meiriceá ar na Houthi san Éimin, gluaiseacht armtha a bhfuil cuidiú na hIaráine acu agus atá fós ag caitheamh diúracán le Iosrael.
Tá cáineadh déanta ar mhargadh an lae inniu le giall de chuid na Stát Aontaithe a scaoileadh saor agus lucht an cháinte ag rá gur léiriú é gur mó tosaíochta agus tábhacht atá le giall a bhfuil tacaíocht aige ó rialtas cumhachtach ón gcoigríoch, gan aon bhaint go díreach ag Rialtas Iosrael leis an margadh.
Deir Einav Zangauker, a bhfuil a mac Matan i measc na ngiall atá fós ina mbeatha, go bhfuil an Príomhaire Netanyahu ag cur a shaol féin sa bpolaitíocht chun tosaigh ar réiteach a fháil ar an gcogadh.