skip to main content

'Comhráití ag teastáil idir muid agus an Úcráin'-Putin

Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin
Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin

Tá sé molta ag Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin, dul i mbun comhráite leis an Úcráin maidir le sos comhraic sa gcogadh.

'Ba chóir na cainteanna sin a thosú faoin Déardaoin seo ag teacht' a dúirt Vladimir Putin.

Dúirt sé freisin go gcaithfí na príomh-chúiseanna leis an gcogadh seo a phlé agus mhol gur i gcathair Istanbul sa Tuirc a thionólfaí na cainteanna.

Bhí sé ag labhairt le linn nuachtagallaimh a thug sé aréir sa Rúis.

'Comhartha dóchais go mba fhéidir go bhfuil an Rúis ag smaoineamh deireadh a chur leis an gcogadh seo' a dúirt Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelenskyy.

Preasagallamh i ndiaidh na gcainteanna i gCív inné

'Is fada an domhan ag fanacht lena léithid, agus an chéad chéim i ndeireadh a chur le haon chogadh is ea sos comhraic' a dúirt seisean.

I dteachtaireacht ar na meáin shóisialta dúirt sé freisin 'nárbh fhiú leanacht lá amháin eile leis an marú' agus go raibh súil aige go nglacfadh an Rúis le 'sos comhraic ón lá amárach amach, 12Bealtaine'.

Inné shocraigh an Úcráin téarmaí sos comhraic le ceannairí Eorpacha, coinníolacha a fuair beannacht ó Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump.

Sos comhraic 30 lá atá molta acusan, ag tosú amárach.

'Céim amháin atá tugtha chun cinn ag Vladimir Putin maidir lena mholadh siúd' a dúirt Uachtarán na Fraince,Emmanuel Macron.

'Ach' a dúirt an tUachtarán Macron, 'tá tuilleadh ag teastáil'.

I bhFeabhra 2022 a thosaigh an cogadh seo is deireanaí idir an Rúis agus an Úcráin nuair a chuaigh na Rúisigh isteach thar an tairseach.

Tá na mílte maraithe agus aslonnaithe ó shin.