Tá tús curtha ag naonúr dochtúirí agus oibrithe leighis as contaetha Dhoire agus Dhún na nGall le rothaíocht urraithe ón taobh ó thuaidh go dtí an taobh ó dheas den tír.
Ó Mhálainn i gCo.Dhún na nGall go Carn Uí Néid i gCorcaigh an turas.
Tá seo ar fad le hairgead a bhailiú don soláthar leighis do Gaza.
690 ciliméadar ar fhad atá sa turas 6 lá.
Stopfaidh na rothaithe i mbaile Dhún na nGall, Cora Droma Rúisc i gCo.Liatroma, Port Omna i ndeisceart Cho.na Gaillimhe, Rath Caola i gCo.Luimnigh agus Cill Airne.
Tá súil go mbainfidh siad Carn Uí Néid amach Dé hAoine seo chugainn
Tuairiscítear go bhfuil breis is 52,000 Pailistíneach maraithe ón 7 Deireadh Fómhair, 2023, breis is 17,000 páiste ina measc sin chomh maith le 1,400 oibrí sláinte.
Deir an grúpa nach bhfuil glacadh ar bith leis seo.