Tá Cluiche Craoibhe Chamógaíocht na Mumhan curtha ar atráth.
Baineann sé leis an chonspóid i dtaca leis an éide imeartha.
Bhí an 2 fhoireann atá rannpháirteach, Corcaigh agus Port Láirge, ag rá nach mbeadh siad sásta scórtaí a chaitheamh.
Bhi an cluiche le himirt ar Thailte Camógaíochta Chontae Thiobraid Árann (The Ragg) ag 1 i.n
Ar an 22 Bealtaine, beidh comhdháili speisialta ag an gCumann Camógaíochta le ceist chonspóideach na scórtaí a phlé, féachtaint le teacht ar réiteach ar an riail a chuireann ar mhná scórtaí a chaitheamh in áit bhrístí gearra.
Beidh vóta ar rún a thabharfaidh an cead d'imreoirí a rogha féin a dhéanamh, agus má éiríonn leis an rún beidh feidhm láithreach leis.
Bíodh sin mar atá,tá cluichí camógaíochta imeartha le laethanta beaga anuas inar ceadaíodh do na himreoirí brístí gearra a chaitheamh.

Ach níl Comhairle Camógaíochta na Mumhan le géilleadh ar an gceist faoi láthair is léir.
Thug an Chomhairle le fios nach bhfuil aon dáta nua socraithe don chluiche.
Tá Cónaidhm na nImreoirí Gaelacha (GPA) ag iarraidh ar an Aire Spóirt,Patrick O'Donovan idirghabháil a dhéanamh sa scéal agus iachall a chur ar na húdaráis camógaíochta na rialacha a mhaolú ar cheist na héide.
Deir an Teachta Dála leis na Daonlathaigh Shoisialacha,Sinéad Gibney gur masla d'imreoirí é an cluiche a chur ar atráth ag an staid seo.
'Cén seans atá ann ar chúrsaí spóirt i measc na mban a chur chun cinn' a deir an Teachta Gibney 'nuair nach bhfuiltear in ann dul i ngleic leis na bacainní is simplí'.
Thug sí le fios freisin go raibh sé in am anois ag an gCumann Camógaíochta 'teacht isteach sa 21ú hAois'.