skip to main content

Socrú déanta i gCív

Na ceannairí i gCív
Na ceannairí i gCív

Tá socrú déanta i bpríomhchathair na hÚcráine,Cív idir ceannairí Eorpacha agus Rialtas na hÚcráine i dtaca le sos comhraic 30 lá a chur i bhfeidhm sa tír.

Bhí ceannairí na Fraince,na Gearmáine, na Polainne, agus na Ríochta Aontaithe i mbun cainteanna le hUachtarán na hÚcráine,Volodymyr Zelenskyy.

Socrú an tsosa comhraic déanta.Ach an nglacfaidh an Rúis leis?

Seo an chéad chuairt le chéile ar an Úcráin ag Keir Starmer,Príomh-Aire na Breataine;Emmanuel Macron,Uachtarán an Fraince;Príomh-Aire na Polainne,Donald Tusk agus Seansailéir na Gearmáine,Friedrich Merz.

As a dheiridh tháinig siad ar an socrú le beannacht ó Rialtas Mheiriceá agus cuirfear anois é faoi bhráid Rialtas na Rúise.

Sos comhraic gan aon réamhchoinníollacha atá i gceist.

Tá sé bagraithe ag Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump go gcuirfidh sé breis smachtbhannaí ar an Rúis mura dtoileann sí glacadh leis an sos comhraic seo atá socraithe.

Uachtarán Mheiriceá Donald Trump á choinneáil ar an eolas ag mór-cheannairí na hEorpa

Áirítear go bhfuil suas le 30 tír ar fad páirteach sa gcomhnascadh seo atá ag iarraidh deireadh a chur leis an trodaíocht.

Deirtear go bhfuil na tíortha agus an Úcráin ar fad ar aon intinn anois agus sásta go gcuirfí tús le sos comhraic ón Luan seo chugainn amach.

Níos túisce dúirt Uachtarán Choimisiún na hEorpa,Ursula von der Leyen, go gcaithfear an sos comhraic a chur i bhfeidhm láithreach.

Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin.I mbun machnaimh anois ar an margadh sos comhraic

Deir an Rúis áfach nach mbeidh aon sos comhraic go stopann an tíortha an iarthair ag soláthar airm don Úcráin.

Tá sí chun a machnamh a dhéanamh maidir leis an moladh sos comhraic seo is deireanaí.