'Tá sos comhraic iomlán agus láithreach aontaithe idir an Phacastáin agus an India' a deir Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump.
Bhí diúracáin á gcaitheamh aréir idir an dá thaobh i réigiún na Caismíre.
Ón gCéadaoin seo caite tá an dá thír in adharca a chéile agus aighneas cothaithe atá imithe in olcas ó shin, níos measa ná aon choimhlint a bhí eatarthu ó 1999.
'Ach a bhuíochas don idirbheartaíocht ó Mheiriceá tá an 2 thaobh anois sásta staonadh óna gcuid ionsaithe agus glacadh le sos comhraic' a deir an tUachtarán Trump i dteachtaireacht ar na meáin shóisialta.
Príomh-phointí na coimhlinte ón gCéadaoin
Áirítear go bhfuil 60 duine ar a laghad marbh sa Chaismír, an stráice talún i ndeisceart na hÁise atá á riaradh ag Rialtais na hIndia agus na Pacastáine.
Sin de réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag údaráis na Pacastáine sa réigiún.
Tá an India ag cur i leith na Pacastáine go bhfuil bonneagair shíbhialta mar sprioc ag dróin armtha atá á scaoileadh aici in iarthar an réigiúin.
Deir an Phacastáin ansin gur bhuail an India 3 bhunáit aeir atá aicise, agus gur sin is cúis lena cuid ionsaithe siúd ar bhunáiteanna aeir leis an India.

Deir Rialtas na Pacastáine gur gortaíodh ar a laghad 50 duine a bhuíochas d'ionsaithe na hIndia.
Tá imní mhór ann gur in olcas a rachaidh an caidreamh idir 2 thír a bhfuil airm núicléacha acu.
Tá na Stáit Aontaithe agus an tSín ag moladh don 2 thír pé easaontas atá eatarthu a shocrú go síochánta.
Anois tá an tUachtarán Trump ag maíomh go bhfuil sos comhraic i bhfeidhm.