skip to main content

Tá "gealltanas" tugtha ag an EBU go mbeidh "plé níos leithne" ann maidir le rannpháirtíocht Iosrael i gComórtas na hEoraifíse

Tá sé ráite ag RTÉ go bhfuil "gealltanas" tugtha ag Aontas Craoltóireachta na hEorpa, an EBU, go mbeidh "plé níos leithne" i measc bhallraíocht an aontais maidir le rannpháirtíocht Iosrael i gComórtas Eoraifíse na bliana seo.

Agus an comórtas ag teannadh linn, tá ag méadú ar na héilimh ó thíortha éagsúla gur chóir díospóireacht a bheith ann ar cé acu ar cheart nó nár cheart d'Iosrael a bheith ag glacadh páirte ar chor ar bith.

Iarnóin inniu, labhair Ard-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, le baill shinsearacha Aontas Craoltóireachta na hEorpa faoin gceist agus chuir sé in iúl dóibh na húdair imní atá léirithe ag foireann agus ag ceardchumainn RTÉ.

Beidh Yuval Raphael ag canadh ar son Iosrael i gcomórtas Eoraifíse na bliana seo

Tá Iosrael agus Éirinn le páirt a ghlacadh sa réamhbhabhta céanna i Basel na hEilbhéise an tseachtain seo chugainn.

D'iarr brainse RTÉ de chuid Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí ar an gcraoltóir náisiúnta i rith na seachtaine seo cur in aghaidh rannpháirtíocht Iosrael go hoifigiúil sa chomórtas i mbliana.

Dúirt Ceannasaí EBU, a eagraíonn an Comórtas Eurofíse, nach bhfuil aon chraoltóir náisiúnta tar éis ráiteas poiblí a dhéanamh ag cur in aghaidh rannpháirtíocht Iosrael.

I ndiaidh an chruinnithe inniu, d’eisigh RTÉ ráiteas inar dheimhnigh siad go bhfuil gealltanas anois tugtha ag an EBU go mbeidh plé níos leithne ar an ábhar i measc bhallraíocht an aontais.

Níos túisce an tseachtain seo, dúirt Kevin Bakhurst go gcuireann na heachtraí sa mheánoirthear alltacht air, go háirithe fulaingt uafásach shibhialtaigh Gaza agus fulaingt na ngiall atá fós faoi choimeád ag Hamas.

Tá sé ráite ag Ard-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, nach dtarraingeoidh Éirinn as an gcomórtas

Thug sé le fios inné nach raibh sé i gceist ag RTÉ tarraingt amach as an gcomórtas.

Bhí thart ar 60 duine ag glacadh páirte in agóid taobh amuigh de RTÉ iarnóin inniu, ag éileamh go dtarraingeoidh an craoltóir amach as.