Tá fianaise tugtha sa Phríomhchúirt Choiriúil inniu i dtriail Richard Satchwell, 58, maidir le bás a mhná céile, gur tháinig athrú ar phearsanacht Tiny Satchwell i ndiaidh dá deartháir lámh a chur ina bhás féin i 2012.
Tá Richard Satchwell ag pléadáil neamhchiontach sa chúis gur dhúnmharaigh sé Tiny Satchwell, 45, in dteach cónaithe in Eochaill i Márta 2017.
Fuarthas corp Tina Satchwell faoin staighre faoi stroighin i seomra suí na lánúine in 2023.
Bhí an giúire ag féachaint inniu ar fhísean d'agallamh a rinne Richard Satchwell leis na gardaí i ndiaidh dóibh é a ghabháil ar 10 Deireadh 2023.

Agallamh fada a bhí ann, a mhair breis agus trí huaire. Thug sé le fios lena linn gur, ó chuir a deartháir lámh ina bhás féin i 2012, go mbagraíodh Tiny Satchwell air go rialta go scarfadh sí uaidh.
Dúirt sé gur tháinig mórathrú ar a pearsanacht. "Is fuath liom tú" agus "fágfaidh mé thú", a deireadh sí leis agus ansin, a dúirt sé, ghabhadh sí leithscéal leis.
Chuir na Gardaí ceist air cén chaoi a mbraitheadh sé tar éis na gcomhráití seo. D’fhreagair sé go mbraitheadh sé "míshona" agus go raibh deireadh lena gcaidreamh collaí.
Dúirt sé gur bhraith sé nach raibh aon mhaith ann ach nár chuir sé riamh brú uirthi gnéas a bheith aici leis.
Dúirt sé nach rabhadar riamh an-ghníomhach ina gcaidreamh collaí ar aon nós.
Thug sé le fios go raibh leanaí ag teastáil uaidh ach nár theastaigh óna bhean chéile leanbh a thabhairt ar an saol. "Ghéill mé don mhéid a bhí uaithi i gcónaí", a dúirt sé.

i 2023. Bhí sí curtha ann ó 2017.
Bhailíodh Richard Satchwell a íocaíochtaí leasa shóisialaigh féin agus íocaíochtaí a mhná céile, a dúirt sé, agus thugadh sé an t-airgead ar fad di. Dúirt sé nach raibh aon smacht aige riamh ar chaiteachas sa teach agus go raibh sé sona leis an socrú sin.
Dúirt sé go ndéanadh sí ionsaithe air; go raibh tríocha lorg greama ar a dhroim agus gur chaith sí lampa leis mí Eanáir nó mí Feabhra 2017.
Thug sé le fios nach ndearna seisean aon díobháil di riamh.