Tá sé ráite ag Uachtarán Trump Mheirceá go bhfuil sé ag súil le bualadh le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula von de Leyen, atá "go hiontach", a dúirt sé.
I bhfianaise an mhargaidh trádála idir an Bhreatain agus na Stáit Aontaithe a fógraíodh inné, tá tíortha eile anois ag súil go mbeidh siadsan in ann teacht ar chomhaontú leis an Uachtarán Trump maidir le ceist chonspóideach na dtaraifí.
"Tá sí go hiontach agus tá súil agam go bhfaighidh mé deis bualadh léi", a dúirt an tUachtarán Trump le hiriseoirí agus é ag fógairt an mhargadh úir leis an mBreatain.
"Is dream mór le rá iad an tAontas Eorpach. Agus tá margadh trádála nua leis na Stáit Aontaithe ag teastáil go géar uathu. Tá gach duine ag iarraidh margaí a dhéanamh leis na Stáit Aontaithe agus is amhlaidh go bhfuilimid á ndéanamh", a dúirt sé.

Tá rialtais tíortha éagsúla i ndiaidh cainteanna a lorg le Washington chun na taraifí is géire a sheachaint. Is í an tSín an tír is measa a bheas buailte de bharr na dtaraifí seo. Tá suas le 145% le gearradh mar tharaif ar tháirgí áirithe a iomportálann na Stáit Aontaithe ón tSín.
An mhí seo caite, d'fhógair an tUachtarán Trump go ngearrfadh sé cánacha nua ar na scórtha tír, taraif de 20% ar fhórmhór na dtáirgí Eorpacha a iomportálann na Stáit Aontaithe ina measc. Ach ní ba dhéanaí, d’fhógair sé go gcuirfeadh sé na taraifí ar an méar fhada go dtí mí Iúil. Faoi láthair, tá sé ag dul i mbun cainteanna le tíortha éagsúla. É sin ráite, tá bun-taraif de 10% fós á ghearradh ar tháirgí a iomportálann na Stáit Aontaithe ó gach tír, na 27 ballstát den Aontas Eorpach ina measc.
Deir an tUachtarán Trump go bhfuil gá leis na taraifí seo mar go raibh tíortha eile "ag sciobadh" uaidh na Stáit Aontaithe.

Bhí plámás á dhéanamh ag Príomhaire Aire na Breataine, Keir Starmer, le hUachtarán Trump Mheirceá ó mhí Feabhra. Cúpla seachtain i ndiaidh don Uachtarán Trump a bheith insealbhaithe, thug Príomhaire Starmer cuairt ar an Teach Bán agus thug sé cuireadh don Uachtarán Trump cuairt stáit a thabhairt ar an mBreatain don tarna huair, agus bualadh le Rí Séarlas.
Dúirt an tAire Airgeadais, Pascal Donohue, roimhe go bhféadfaí go gcaillfí suas le 25,000 post in Éirinn mar thoradh ar na taraifí seo.