skip to main content

An líon íocaíochtaí iar-stoirme riamh íoctha ag an stát i ndiaidh Stoirm Éowyn

Ní bhfuair an Roinn Coimirce Sóisialaí oiread iarratas ar chúiteamh i ndiaidh stoirme riamh is a fuair sí tar éis Stoirm Éowyn
Ní bhfuair an Roinn Coimirce Sóisialaí oiread iarratas ar chúiteamh i ndiaidh stoirme riamh is a fuair sí tar éis Stoirm Éowyn

I ndiaidh Stoirm Éowyn, fuair an Scéim um Chúnamh Daonnúil an líon is mó iarratas i ndiaidh stoirme riamh sa stát seo, de réir figiúirí a fuair an clár 7Lá, a chraoltar ar TG4. Osclaíodh an scéim cúitimh i ndiaidh do scrios agus damáiste millteanach a bheith déanta ag Stoirm Éowyn mí Eanáir na bliana seo.

I ráiteas go 7LÁ, dúirt an Roinn Coimirce Sóisialaí go bhfuair sí breis agus 92,000 iarratas ar an scéim ó osclaíodh í ar an 23ú Eanáir.

45,600 íocaíocht atá déanta faoi Chéim 1 den scéim go dtí seo, agus ciallaíonn sé sin gur €11.2m in iomlán a tugadh amach fúithi. Tuigtear do 7LÁ go mbeidh ardú suntasach ar an méid airgid atá fós le híoc ag an stát.

Is chun dul i ngleic leis an gcruatan díreach i ndiaidh drochaimsire atá Céim 1 den scéim dírithe agus cuirtear íocaíochtaí tacaíochta éigeandála ar fáil chun costais bhia agus costais riachtanacha eile a chlúdach.

Clúdaíonn Céim 2 den scéim dochar d'earraí bána; cuisneoirí agus ábhair thithíochta eile atá riachtanach, cuir i gcás.

Tá ceithre mhí imithe tharainn ó bhuail Stoirm Éowyn an tír seo
agus tá daoine fós ag streachailt de bharr na díobhála a rinne sí

Faoin Céim 3, tá tacaíocht airgeadais níos fadtéarmaí i gceist, mar shampla, cúiteamh as damáiste struchtúrach.

Osclaíodh Céim 1 den scéim ar an 23ú Eanáir, agus druideadh é ar 25ú Aibreán. Osclaíodh Céim 2 agus Céim 3 ar an 23ú Eanáir chomh maith, agus tá siadsan oscailte go fóill. Déantar tástáil acmhainne ar na hiarratais faoi Chéim 2 agus faoi Chéim 3 den scéim.

Ceithre mhí i ndiaidh Stoirm Éowyn, tá daoine timpeall na tíre ag streachailt go fóill de bharr an dochair a rinne an spéirling chonfach, in ainneoin na dtacaíochtaí ón rialtas.