skip to main content

Tá Pápa Leo XIV ag súil go ndéanfaidh an Eaglais Chaitliceach "oícheanta dorcha an tsaoil níos gile" le linn a phápachta

Tá Pápa Leo XIV ag súil go ndéanfaidh an Eaglais Chaitliceach "oícheanta dorcha an tsaoil níos gile" le linn a Pháoachta
Tá Pápa Leo XIV ag súil go ndéanfaidh an Eaglais Chaitliceach "oícheanta dorcha an tsaoil níos gile" le linn a Pháoachta

Bhailigh na cairdinéil ar fad le chéile ar maidin don chéad aifreann de chuid an Phápa nua, Pápa Leo XIV. Fógraíodh inné gurb é Robert Francis Prevost a thiocfaidh i gcomharbas ar Phápa Prionsias.

Dúirt sé ina chéad aitheasc mar Phápa - le linn aifreann príobháideach na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach ar maidin - go bhfuil sé ag súil "go ndéanfaidh an Eaglais Chaitliceach oícheanta dorcha an tsaoil seo níos gile" le linn a phápachta.

Thug sé le fios freisin gur "riarthóir dílis" ar an Eaglais Chaitliceach ina hiomláine a bheidh ann, agus go bhfuil naofacht bhaill na heaglaise – seachas galántacht mhaoin na hEaglaise – ina cloch is mó ar a pháidrín.

Bhí na sluaite bailithe le chéile sa Vatacáint inné leis an bhfógra go raibh
pápa nua tofa

Beidh Pápa Leo XIV ar an gcéad phápa riamh as Stáit Aontaithe Mheirceá.

Is Agaistíneach é a rugadh in Chicago. Tá sé 69 mbliana d'aois agus ceapadh é ina chairdinéil i 2023.

Toghadh é le linn thionól rúnda na gcairdinéal sa Séipéal Sistíneach.

Steall na gártha molta as an slua a bhí bailithe i gCearnóg Pheadair sa Vatacáin inné nuair a fógraíodh go raibh pápa nua tofa. Ach níor thuig siad ag an am cé a bhí ann.

Chaith Pápa Leo XIV scór bliain ag obair i bPéiriú mar mhisinéir.

Labhróidh sé leis na meáin den chéad uair maidin Dé Luain.