skip to main content

Leo XIV: Meiriceánach, Aibhistíneach, Misinéir

Robert Francis Prevost é an chéad phápa eile ar an Eaglais Chaitliceach agus mar Leo XIV a bheidh aithne ag an bpobal mór air. Ní raibh súil gur as Meiriceá a thiocfadh an comharba ar Phrionsias, ach nod láidir é a cheapúchán go mbeidh leanúnachas áirithe idir obair Leo XIV agus Prionsias.

As Chicago Illinois é Robert Prevost, nár ceapadh ina chairdinéal go dtí 2023, duine de na 80 fear a cheap Prionsias ina gcairdinéil ó 2013.

I 1955 i Chicago Illinois a rugadh Robert Prevost, agus chuaigh sé isteach sna sagairt san ord Aibhistíneach ansin, sular bhain sé céim amach sa matamataic in Ollscoil Vilanova i Philadelphia.

Bhain sé céimeanna amach sa diagacht freisin, ceann acu sin ina dhochtúireacht sa Róimh.

I 1985 thug sé aghaidh ar Pheiriú áit ar chaith sé 14 bhliana déag ina mhisinéir i gceann de thíortha bochta an domhain. Tugadh ar ais chuig Meiriceá e i 1999 áit a cuireadh é i mbun na nAibhistíneach ansíúd agus ar fud an domhain.

Ach chuir Proinsias ar ais chuig Peiriú é i 2014, an uair seo ina easpag ar Chiclayo i dtuaisceart na tíre sin, agus is ann a bhí sé gur ghlaoigh Proinsias chun na Róimhe é i 2023.

Nuair a cuireadh Prevost i mbun an fhorais a chuireann comhairle ar an bPápa faoi easpag nua a cheapadh, ba léir go raibh Prionsias ag iarraidh cumhacht agus stadas a thabhairt dó. Níorbh fhada ina dhiaidh sin a rinneadh cairdinéal de, an chéim is airde san eaglais seachas an pápa féin.

Bhí muinín ag Proinsias as a chumas cumarsáide leis na heití éagsúla san eaglais agus an seasamh measartha a bhí aige as go leor ceisteanna conspóideacha.

Bhí sé soiléir ar bhás Phroinsias an treo a leanfadh Prevost. Dúirt sé nach bhféadfaí an obair a stopadh ná casadh ar ais, á rá go raibh an teachtaireacht chéanna láidir ann i gcónaí: fógair Íosa Críost agus fógair an Soiscéal. Ach dúirt sé freisin go gcaithfí é a inseacht ar bealach a chloisfeadh an óige, na boicht agus polaiteoirí é ina mbealach féin.

Tá an eaglais beo i saol an lae inniu, a dúirt sé, ní sa saol a bhí ann 10 nó 20 bliain ó shin.