skip to main content

Deatach dubh ar maidin ag fógairt nach bhfuil Pápa tofa fós

Bhí scamaill deataigh dhubh le feiceáil ó shimléar an tSéipéil Sistínigh ar maidin, ag dearbhú nár éirigh leis na cairdinéil Pápa nua a thoghadh i gceann dá bhabhtaí vótála.

Ciallaíonn sé sin nár bhfuair na cairdinéil an dá thrian den 133 vóta a bhí riachtanach chun oidhre an Phápa Proinsias a roghnú.

Beidh dhá bhabhta vótála eile ar siúl tráthnóna inniu.

Chiallódh deatach bán go bhfuil ceannaire nua an domhain Chaitliceach ann agus go mbeidh sé ina 267ú Pápa ar an Eaglais Chaitliceach.

Tráthnóna inné, bhailigh na cairdinéil le chéile sa Séipéal Sistíneach sa Vatacáin chun tús a chur leis an bpróiseas oifigiúil.

Ón lá inniu ar aghaidh, beidh na Cairdinéil in ann vóta a chaitheamh suas le 4 bhabhta sa lá.

Toghadh an dá Phápa is déanaí- an Pápa Proinsias agus an Pápa Beinidict XVI- ar an dara lá den vótáil.

Mar sin féin, agus an méid an chomhthionóil reatha a chur san áireamh, chomh maith leis an am a thóg sé do dheatach éirí ón Séipéal Sistíneach aréir, níl sé cinnte go dtarlóidh an toghchán inniu.

Ní bheidh aon teagmháil ag na cairdinéil le duine ar bith taobh amuigh den gcomhthionól go dtí go mbeidh comharba ar an bPápa Prionsias a bhásaigh an mhí seo caite roghnaithe.

De réir rialacha a chuir an Pápa Pól VI i bhfeidhm i 1970, caithfidh na Cairdinéil a bheith faoi 80 bliain d'aois chun a bheith in ann vóta a chaitheamh.