An 22 Bealtaine, beidh comhdháili speisialta ag an gCumann Camógaíochta le ceist chonspóideach na scórtaí a phlé, féachtaint le teacht ar réiteach ar an riail a chuireann ar mhná scórtaí a chaitheamh in áit bhrístí gearra.
Beidh vóta ar rún a thabharfaidh an cead d'imreoirí a rogha féin a dhéanamh, agus má éiríonn leis an rún beidh feidhm láithreach leis.
Tháinig an chonsóid i mbéal an phobail and deireadh seachtaine seo caite nuair a cuireadh ar imreoirí Bhaile Átha Cliatha agus Cill Chainnigh scórtaí a chaitheammh i rith chluiche leathcraoibhe.
Tháinig na agóid seo díreach tar éis do Chumann na nImreoirí Gaelacha suirbhé a dhéanamh a thaispeáin gur bhraith 70% d'imreoirí go raibh na scórtaí míchompórdach.
Ó shin, d'fhógair imreoirí Phort Láirge agus Chorcaí gur brístí gearra a bheadh siadsan ag caitheamh Dé Sathairn ag craobh camógaíochta na Mumhan, agus diúltóidh siad d'aon iarratas orthu na scórtaí a chaitheamh fiú má chuirtear an cluiche ar ceal dá bharr. Chaith clubanna na hardchathrach na brísí gearra i rith cluichí Dé Máirt.
Sa ráiteas ón gCumann Camógaíochta, deirtear go bhfágfar cinneadh faoin rún faoi na toscairí agus go dtabharfar feidhm d'aon chinneadh ar an 24 Bealtaine. Bhí súil dul i ngleic leis an gceist seo ag comhdháil 2026, a deir an ráiteas, ach gur aithin an cumann nach raibh sé inghlactha d'imreoirí go leo fanacht go dtí sin.
Tá grúpa oibre ar bun ag an gCumann faoi láthair ag breathú ar dhearadh, compord, tomhais agus acmhainn an fheistis imeartha, agus leanfaidh an grúpa sin lena gcuid oibre.
Deir uachtarán an chumainn Brian Molloy gurb é is sprioc leo anois feisteas den chéad scoth a dhearadh d'imreoirí mná agus a thugann roghanna dóibh.