skip to main content

RTÉ ag iarraidh ar an EBU plé a dhéanamh maidir le rannpháirtíocht Iosrael i gcomórtas Eoraifíse na bliana seo

Tá sé dearbhaithe ag Ard-Stiúrthóir RTÉ Kevin Bakhurst go bhfuil RTÉ ag iarraidh ar an EBU plé a dhéanamh ar rannpháirtíocht Iosrael i gComórtas Eoraifíse na bliana seo.

Yuval Raphael a dheinfidh ionsdaíocht ar Iosrael sa chomórtas i mbliana

Tá Iosrael agus Éirinn le páirt a ghlacadh sa réamhbhabhta céanna i Basel na hEilbhéise an tseachtain seo chugainn.

D'iarr brainse RTÉ de chuid Cheardchumann Náisiúnta na nIriseoirí ar an gcraoltóir náisiúnta cur in aghaidh rannpháirtíocht Iosrael go hoifigiúil sa chomórtas i mbliana.

Dúirt Ceannasaí EBU, a eagraíonn an Comórtas Eurofíse, nach bhfuil aon chraoltóir náisiúnta tar éis ráiteas poiblí a dhéanamh ag cur in aghaidh rannpháirtíocht Iosrael.