skip to main content

Ardú 9% ar árachas gluaisteán sa chéad leath de 2024

Mhéadaigh meánchostas polasaí árachais gluaisteáin in Éirinn 9% sa chéad leath den bhliain 2024, i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i 2023, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó Bhunachar Eolais Náisiúnta na nÉileamh (NCID) de chuid an Bhainc Ceannais.

Léiríonn na sonraí go ndeachaigh an mheánphréimh ó €567 go €616 idir Eanáir agus Meitheamh 2024 - i bhfad os cionn mheánphréimh san Aontas Eorpach, a sheasann thart ar €315.

In ainneoin an ardaithe seo, tá costais árachais fós thart ar 25% níos ísle ná buaicphointí 2017, tar éis titim leanúnach idir 2017 agus 2022. Mar sin féin, tá siad tar éis ardú 12% arís ón am sin.

De réir an athbhreithnithe is déanaí ón mBanc Ceannais, tá an t-ardú seo á leagan ar an mboilsiciú agus ar chostais deisiúcháin atá ag ardú as cuimse.

Ag labhairt ar na torthaí sa tuarascáil ón mBanc Ceannais, dúirt Príomhoifigeach Feidhmiúcháin an Alliance for Insurance Reform, Brian Hanley, nach ionadh ar bith a bhí sa "méadú géar" ar na préimheanna do thomhaltóirí.

Cheistigh sé an Rialtas á rá go raibh céimeanna á nglacadh a thiomáinfidh costais an árachais ghluaisteáin, go háirithe go bhfuil an tAire Dlí agus Cirt, Jim O'Callaghan, ag breithniú moladh ón gComhairle Bhreithiúnach go méadófaí dámhachtainí as díóbhálacha pearsanta beagnach 17%.

Dúirt Brian Hanley go bhfuil na dámhachtainí in Éirinn níos airde ná i bhformhór na dtíortha eile, agus go dá nglacfaí leis an moladh seo go dtiocfaidh méadú díreach ar phréimheanna na bpolasaithe. Ní féidir, a deir sé, le tiománaithe, gnólachtaí, agus grúpaí pobail nó spóirt an t-ualach sin a iompar," a dúirt sé.

Dúirt príomhfheidhmeannach Insurance Ireland Moyagh Murdoch go bhfuil custaiméirí árachais gluaisteáin in Éirinn fós tar éis tairbhe a bhaint as laghduithe suntasacha le blianta beaga anuas cé go bhfuil méadú ag teacht ar na préimheanna. Ach léiríonn an méadú, a dúirt sí,an timpeallacht chostasach atá ag méadú freisin.

Tá rudaí eile lasmuigh den bhoislciú féin ar féidir aghaidh a thabhairt orthu, a dúirt Moyagh Murdoch chun costaisí a laghdú. Ina measc siúd tá an treocht leanúnach le héilimh a réiteach tríd an gcóras dlíthiúil, córas atá i bhfad níos costasaí ach nach mbaineann dámhnachtainí amach atá níos airde ná próiséis eile, ar nós an Bhord um Réiteach Díobhálacha Pearsantaa.