Tá an ráta is ísle do chógais nua ailse in Iarthar na hEorpa, ar fáil in Éirinn, a deir Cumann Cúraim Sláinte na hÉireann don Chógaisíocht.
Deir an Cumann nach bhfuil ach cógas amháin as gach 4 chógas a fuair ceadúnas ó 2020 ar fáil anseo in Éirinn.
As 56 cógas leighis oinceolaíochta, a fuair ceadúnas ón nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach ó 2020, níl ach 14 nó 25% ar fáil in Éirinn faoi láthair.
Deir an Cumann go bhfuil othair in Éirinn ag feitheamh níos faide ná daoine i dtíortha eile in Iarthar na hEorpa chun fáil a bheith acu ar chógais nua leighis a chuirfeadh lena saol.
Clúdaíonn an suirbhé a déanadh ar 36 tír san Eoraip, san áireamh 27 tír san Aontas Eorpach, an 4 bliana iomlán idir 2020 agus 2023.
Bíonn ar othair ailse in Éirinn fanacht 644 lá nó nach mór 2 bhliain chun fáil a bheith acu ar chógais leighis nua.
Tá sé seo 55 lá níos faide ná anuraidh agus níos faide ná an 586 lá ar an meán go mbíonn ar dhaoine eile i dtíortha eile san Eoraip fanacht, a deir Príomhfheidhmeannach an IPHA.