skip to main content

"Níl Ceanada ar díol agus ní bheidh choíche", a dúirt Príomhaire Cheanada, Mark Carney inniu

"Beidh Ceanada agus na Stáit Aontaithe mór lena chéile i gcónaí", a dúirt an tUachtarán Trump, "beag beann ar a bhfuil ráite go dtí seo."
"Beidh Ceanada agus na Stáit Aontaithe mór lena chéile i gcónaí", a dúirt an tUachtarán Trump, "beag beann ar a bhfuil ráite go dtí seo."

Tá sé ráite ag Príomhaire Cheanada, Mark Carney, le hUachtarán Trump Mheirceá nach bhfuil Ceanada ar díol, agus nach bhfuil aon spéis ag muintir na tíre sin a bheith mar chuid de na Stáit Aontaithe.

Bhí tús cairdiúil leis an gcruinniú, in ainneoin ráiteas Donald Trump roimhe seo, inar thug sé le fios gur mhaith leis Ceanada a ghabháil.

Tháinig an t-ábhar sin chun cinn nuair a chur iriseoir ceist ar an mbeirt fhear faoi. "Ní bheidh an t-ábhar áirithe sin á phlé againn inniu. Ach sílim féin gur pósadh iontach a bheadh ann", a d'fhreagair an tUachtarán Trump.

"Níl Ceanada ar díol agus ní bheidh chóiche", a dúirt an tUasal Carney.

Bhuaigh páirtí liobrálach Mark Carney an t-olltoghchán i gCeanada ag deireadh mhí Aibreáin. Gheall sé roimh an toghchán go n-éireodh leis socrú nua eacnamíochta agus slándála a aontú leis na Stáit Aontaithe.

"Ní bheadh a fhios agat go deo", a dúirt an tUachtarán Trump.

Thug an tUachtarán Trump le fios go mbeadh "ceisteanna deacra" á bplé le linn an chruinnithe idir an bheirt cheannaire inniu. Táthar den tuairim gur ag tagairt a bhí sé ag an am do ráiteas a rinne sé roimhe seo inar dhúirt sé nach bhfuil aon ghá le táirgí de chuid Cheanada sna Stáit Aontaithe.