Dúirt Aire Airgeadais Iosrael, Bezalel Smotrich, ag comhdháil ar lonnaíochtaí na nGiúdach ar an mBruach Thiar inniu, go ndéanfar "scrios iomlán" ar Gaza sula bhfágfaidh muintir Gaza an stráice.
"Scriosfar Gaza. Cuirfear na sibhialtaigh ar fad go dtí limistéar daonnachtúil ó dheas, áit a mbeidh siad saor ó Hamas agus ó sceimhlitheoireacht. Scriosfar an chuid eile den stráice. Ansin, fágfaidh na sibhialtaigh ina mílte agus rachaidh siad go dtí tíortha eile."
Is polaiteoir é Smotrich atá go mór ar an eite dheis in Iosrael.
Níos túisce inniu, dúirt Hamas nárbh fhiú dóibh dul i mbun cainteanna arís le hIosrael maidir le sos cogaidh.
Tháinig ráiteas Hamas sna sála ar an bplean a bheartaigh Iosrael thar an deireadh seachtaine go bhfuil siad leis na mílte cúlfhórsa sa bhreis a chur i mbun dualgais in Gaza chun an stráice ina iomláine a ghabháil.
Tá sé ráite ag Iosrael, áfach, go bhfuil deis ag Hamas go fóill teacht ar aontú agus na gialla a scaoileadh saor sula gcuirfear tús leis an ionradh sin.
Deir Iosrael gur féidir le Hamas an deis sin a thapú aon uair is mian leo, go dtí go dtiocfaidh cuairt Uachtarán Trump Mheirceá ar an meánoirthear an tseachtain seo chun críche.
Deir Hamas nach bhfuil ann ach dúmhál polaitiúil.
Dúirt an tAire Smotrich ag an gcomhdháil chéanna go gcuirfear dlús faoi bhunú lonnaíochtaí ar an mBruach Thiar; go n-infheisteofar $2bn in infrastruchtúr ansin agus go gceadófar, go hoifigiúil, na 15,000 teach úr atá tógtha ansin ó thús na bliana.
Idir an dá linn, dúirt an Taoiseach, Micheál Martin, inniu gur léir gur coir cogaidh é an bac atá curtha ag Iosrael ar sheachadadh fóirithinte go Gaza le dhá mhí anuas.
Dúirt sé nach bhféadfaí an t-ionsaí a rinne Hamas ar Iosrael ar 7 Deireadh Fómhair 2023 a chosaint. Dúirt sé go raibh sé "uafásach". Ach, a dúirt sé, ní féidir na hionsaithe atá á ndéanamh ó shin ar Phailistínigh a chosaint ach an oiread. Is léir gur "coir cogaidh" é an bac atá curtha ar sheachadadh fóirithinte, a dúirt sé.
"Caithfidh sos cogaidh teacht i bhfeidhm láithreach, caithfear na gialla a scaoileadh saor agus caithfidh fóirithint a thabhairt do mhuintir Gaza, nach bhfuil bia ná soláthairtí leighis faighte acu le 50 lá anuas", a dúirt an Taoiseach.
Tá sé curtha i leith Iosrael ag Hamas go bhfuil ocras á úsáid acu mar arm cogaíochta ag Iosrael.