Tá imreoir de chuid fhoireann Ard Mhaca – a bhuaigh Craobhchomórtas Sinsir na hÉireann sa Pheil anuraidh - cúisithe maidir le ceithre chion gnéis. Bhí Aidan Nugent, 30 bliain d'aois, os comhair Chúirt Dúiche Ard Mhaca san Iúr ar maidin.
Dúradh os comhair na cúirte gur shéan Aidan Nugent na cúiseanna ar fad le linn dó a bheith á cheistiú ag an PSNI.
Bhí Aidan Nugent ina chaptaen ar fhoireann Ard-Mhaca roimhe seo, agus bhí sé ina bhall den scuad anuraidh nuair a bhuaigh an fhoireann an craobhchomórtas.
Is as Coilleach Eanach i ndeisceart Ard-Mhaca dó. Tá sé curtha ina leith go ndearna sé ionsaí gnéis ar dhuine ar 17 Samhain 2024 le linn dá fhoireann a bheith ar saoire ag deireadh an tséasúr in Miami, Florida.
na líomhaintí ar fad le linn dó a bheith á cheistiú
Dúirt bleachtaire de chuid an PSNI sa gcúirt ar maidin go bhfuil fianaise ann a nascann an t-imreoir leis na cúiseanna.
Tá sé admhaithe ag Aidan Nugent go raibh gnéas aige leis an té a bhfuil na líomhaintí déanta acu, a dúirt an t-oifigeach sa chúirt, ach deir an tUasal Nugent gur gnéas comhthoiliúil a bhí ann.
Tá Aidan Nugent saor ar bannaí faoi láthair ar an gcoinníoll nach ndéanfaidh sé aon teagmháil leis an té go bhfuil na líomhaintí déanta acu.
Beidh an cás os comhair na cúirte arís an mhí seo chugainn.