skip to main content

100 lá curtha dhe sa Rialtas nua ag an Taoiseach Micheál Martin

An Taoiseach Micheál Martin ar a chosa sa Dáil
An Taoiseach Micheál Martin ar a chosa sa Dáil

Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuacht RTÉ-TG4

N'fheadar ar thuig Micheál Martin, agus é á ardú go caithréimeach tar éis olltoghchán na bliana seo caite, gur iomaí dris a bhí roimhe ar chosán an chomhrialtais. Bhí cúis cheiliúrtha aige ag an am. Bhí sé le bheith ina Thaoiseach don dara huair, agus Fianna Fáil ar an bpáirtí is mó sa Dáil.

Ba ghearr a mhair an lúcháir.

Tús Teasaí

Chuir socrú conspóideach an Taoisigh leis an Teachta Michael Lowry agus le grúpa réigiúnach na neamhspleách mallacht ar an gcomhrialtas ón gcéad lá, agus spreag ionsaí nimhneach ón bhfreasúra. 100 lá níos déanaí agus tá a raibh fágtha den dea-mhéin ar bhinsí na Dála creimthe. Tá an freasúra ag seasamh le chéile níos mó ná riamh, agus díocas chun troda orthu. Is léir go bhfuil an t-athmhuintearas seo idir páirtithe na heite chlé, an Lucht Oibre agus Sinn Féin go háirithe, tar éis an ghoimh a chur ar an Taoiseach, agus bíonn nimh áirithe sa chur agus cúiteamh na laethanta seo.

An Teachta Michael Lowry

Tá an Ceann Comhairle, Verona Murphy, i gcroílár an aighnis í féin. Ceapadh í sa ról tar éis di a bheith sáite san idirbheartaíocht le grúpa réigiúnach na neamhspleách nuair a bhí an Rialtas á chur le chéile, agus tá an freasúra go láidir den tuairim gur socrú polaitiúil a bhí sa cheapachán agus gur ionadaí rialtais a bheadh inti. Tá sé seo séanta go láidir aici.

An Teachta Verona Murphy.Ceann Comhairle na Dála

Tar éis di cead a thabhairt do theachtaí neamhspleácha a bhí ag tacú leis an Rialtas cearta cainte dá gcuid féin a bheith acu le linn cheisteanna na gceannairí, sheas páirtithe uile an fhreasúra le chéile os comhair Theach Laighean agus d’fhógair d’aon ghuth nach raibh aon mhuinín acu aisti. Cé gur thug sí na cosa léi nuair a ritheadh rún mímhuiníne ina haghaidh, bhí míshuaimhneas le brath ar feadh i bhfad, agus an freasúra fós corraithe ag an eachtra.

Chuir an cíor thuathail moill mhór ar obair na Dála. Tá saoire na Cásca caite agus tá na coistí díreach curtha le chéile, gan éinne suite chun boird go fóill. Tá reachtaíocht chinniúnach ar na bacáin. Tá leasú suntasach beartaithe ag an Aire Dlí agus Cirt, Jim O’Callaghan, ar phróiseas tearmainn an stáit, sa Bhille um Chosaint Idirnáisiúnta 2025. Tá an Bille um Chríocha Faoi Fhorghabháil i mbéal an phobail arís. Tá sé curtha i leith an Rialtais arís agus arís eile ag an bhfreasúra agus ag grúpaí dlúthpháirtíochta leis an bPalaistín, go bhfuil siad ag cúlú ón ngealltanas a rinne siad roimh an olltoghchán go gcuirfí an Bille chun cinn chomh luath agus is féidir.

Thug an Tánaiste le fios Dé hAoine go raibh sé "meáite go hiomlán" ar an reachtaíocht a chur i bhfeidhm, agus go mbeidh sé ag bualadh leis an Seanadóir Frances Black, a chuir an Bille i láthair den chéad uair in 2018, an tseachtain seo chugainn.

An Ghaeilge i mbéal Teachtaí ach in áit na leathphingine

Tá an Dáil breac le Gaeilgeoirí an babhta seo, iad suite ar bhinsí an fhreasúra agus ar bhinsí an rialtais araon. Is minic a bhíonn siad ag sárú ar chéile ó dhá thaobh an tseomra le linn díospóireachtaí. Is annamh, áfach, a thugtar ar lucht an Bhéarla tumadh isteach san fhoclóir ionas nach gcaillfidís amach ar an aicsean. I mí Feabhra, bheartaigh an Taoiseach iompú ar an nGaeilge chun sonc a thabhairt do cheannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald. "Tá an Teachta Dála ag insint bréaga (sic) arís!" a d’fhógair sé in ard a ghutha.

An freasúra an-láidir ar cheist an chearta labhartha sa Dáil

Níor thug an Ceann Comhairle Verona Murphy, nach bhfuil aon Ghaeilge aici, aon cheann dó, go dtí gur chuir Pearse Doherty in iúl di go raibh sárú déanta ar bhuanorduithe na Dála. Amach le polaiteoirí, le hiriseoirí agus le státseirbhísigh ag cíoradh an fhoclóra.

Lorg Sinn Féin leithscéal ón Taoiseach, nach raibh sásta géilleadh.

Tá cur chuige an rialtais go dtí seo i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta cáinte ag eagraíochtaí teanga. Tugadh faomhadh don Chreat Pleanála Náisiúnta Athbhreithnithe sa Dáil an tseachtain seo caite, doiciméad ina bhfuil beagnach 200 leathanach. Tá trí alt ann ina luaitear an Ghaeilge agus Ghaeltacht.

"Tá sé dall ar chúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht," a dúirt urlabhraí Gaeltachta Shinn Féin, Conor D McGuinness.

Gan trácht ar Threoirlínte Pleanála na Gaeltachta atá geallta ón mbliain 2021 agus nach bhfuil aon radharc orthu go fóill. Ní dheachaigh an Teachta McGuinness ar chúl scéithe leis an gceist sin, ach oiread; "Masla is ea é do phobal na Gaeltachta."

An Tánaiste Simon Harris

Plámás sa Bhearna Bhaoil

Fad is a bhí an t-aighneas ag bruith sa bhaile, thug Micheál Martin aghaidh ar Washington DC, áit a raibh an tUachtarán Trump ag prapáil chun saol na trádála a chur as a riocht. Cé gur thug an Taoiseach na cosa leis gan achrann a tharraingt air féin, bhraith an freasúra nár sheas sé an fód láidir go leor ar cheist na Palaistíne agus gur dhein sé beag is fiú den ghéarchéim tithíochta.

Lig an Rialtas osna faoisimh i ndiaidh na hócáide áfach, agus moladh an Taoiseach as an gcruinniú san oifig ubhchruthach a láimhseáil go stuama, gan aon cheist a ardú a spreagfadh fraoch a chéile comhraic. Is beag tionchar a bhí ag an bplámás áfach.

Seachtain níos déanaí, d’fhógair an tUachtarán go raibh taraifí á ngearradh aige ar os cionn 200 tír. Bhí Éire ina measc, agus dleacht 20% le gearradh ar easpórtálacha go Meiriceá. Baineadh stangadh as lucht fuisce i ndrioglanna ar fud na tíre, a bhíonn ag brath go mór ar mhargadh na Stát Aontaithe. B’éigean do pholaiteoirí na hÉireann a gcuid trioblóidí féin a chur i leataobh agus aird a dhíriú ar an scamall mór dubh a bhí ag bagairt orthu trasna an Atlantaigh. Thug an Tánaiste aghaidh ar Washington chun cás na hÉireann a phlé le Howard Lutnick, Rúnaí Tráchtála an Uachtaráin. Ar deireadh, chuir an tUachtarán Trump a chuid pleananna ar fionraí ar feadh tréimhse 90 lá. Deir saineolaithe gurb é an cíor thuathail a bhí á chothú i margadh na mbannaí a thug ar an Uachtarán cúlú ón méid a bhí beartaithe aige.

An tUachtarán Trump ag cothú a chuid fadhbanna féin

Is iomaí leid atá tugtha ag Howard Lutnick go bhfuil a shúil aige ar chomhlachtaí cógaisíochta Mheiriceá atá lonnaithe in Éirinn, agus gur mian leis iad a mhealladh ar ais chuig na Stáit Aontaithe. Táthar ag súil go dtiocfaidh Rialtas Mheiriceá sa tóir ar a gcuid comhlachtaí luath nó mall, agus beidh Rialtas na hÉireann ag guí nach buille tubaisteach a bheidh ann do gheilleagar na tíre.

An neodracht á caomhnú nó á hionsaí?

Ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht, tá a gcuid spriocanna maidir le polasaí neodrachta na hÉireann curtha in iúl go neamhbhalbh acu. Ar an nglas triarach is mó atá siad ag díriú, an mheicníocht a chinntíonn go bhfaightear faomhadh ón Rialtas, ón Dáil agus ó na Náisiúin Aontaithe sula gcuirtear níos mó ná dháréag saighdiúirí thar lear ar dualgas síochánaíochta. Teastaíonn ón Rialtas deireadh a chur le cumhacht na Náisiúin Aontaithe sa socrú, ionas nach mbeadh tíortha ar leith ar an gCoiste Slándála in ann an cinneadh a chrosadh, a deir siad.

Tá diúltaithe acu an cheist a chur faoi bhráid an phobail i bhfoirm reifrinn. Tá sé léirithe arís agus arís eile ag pobal na tíre go gcreideann siad go láidir sa pholasaí neodrachta. Sa phobalbhreith is déanaí de chuid Irish Times/IPSOS B&A, thug 63% díobh siúd a ceistíodh go bhfuil siad i bhfabhar an pholasaí neodrachta mar atá faoi láthair. 47% a dúirt gur chóir an glas triarach a choimeád, agus 37% a cheap a mhalairt.

Tá an fheachtasaíocht i gcoinne phlean an rialtais ag bailiú nirt. Tháinig páirtithe an fhreasúra le chéile arís chun Conradh Neodrachta na Éireann a bhunú, a deir go bhfuil neodracht na tíre faoi ionsaí ag an Rialtas, atá meáite ar Éirinn a tharraingt isteach i gcomhghuaillíocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh.

Cuireann an Rialtas ina choinne seo go tréan. Tá siadsan den tuairim go bhfuil sé thar am ag Éirinn cur lenár gcumas míleata, i bhfianaise an chogaidh san Úcráin, agus ról níos gníomhaí a ghlacadh i ngluaisteachtaí cosanta.

Anois agus na Stáit Aontaithe ag cúlú agus an tAontas Eorpach ag gríosú chun cogaíochta, beidh ceist na neodrachta ina hábhar teasaí ar urlár na Dála as seo amach.

Ag snámh in aghaidh easa

Tá cúrsaí tithíochta ina chnámh spairne i gcónaí agus tá buillí tubaisteacha á mbualadh ar an Rialtas ceann i ndiaidh a chéile. Tá os cionn 15,000 duine gan dídean anois sa stát, 4,600 leanbh ina measc. I mí an Mhárta, chuir urlabhraí Airgeadais Shinn Féin, Pearse Doherty, cáipéisí ón Roinn Tithíochta faoi bhráid na meán. Ba léir uathu seo, a dúirt sé, gur thuig an Rialtas nár tógadh 40,000 teach anuraidh, faoi mar a bhí á mhaíomh ag an Taoiseach agus ag an Iar-Aire Tithíochta, Darragh O’Brien, roimh an olltoghchán. Dúirt an Teachta Doherty gur deineadh iarracht "an pobal a chur amú d’aon ghnó" chun vótaí a mhealladh. Tá sé seo séanta go láidir ag Fianna Fáil agus ag Fine Gael.

Tá an chuma ar an Rialtas anois go bhfuil siad ag snámh in aghaidh easa ar cheist na tithíochta.

Brendan McDonagh, nach mbeidh anois ag glacadh le ról an 'Czar' Tithíochta

An tseachtain seo, bhí sé ina raic arís, agus Brendan McDonagh, ceannasaí NAMA, luaite go láidir leis an bpost mar 'Shár Tithíochta’. Ba é McDonagh rogha an Aire Tithíochta, James Browne, mar cheannasaí ar an Oifig nua um Ghníomhachtú Tithíochta, a dhéanfaidh smidiríní, mar dhea, den mhaorlathas atá ag cur moill ar an soláthar. Chuir an tuarastal a bheadh aige, €430,000, alltacht ar an bhfreasúra. Ar deireadh, ba é an Tánaiste Simon Harris a chuir cos i dtaca, agus thit an socrú i léig.

Ábhar náire is ea an eachtra don chomhrialtas, agus tá deighilt anois le brath idir an dá phríomhpháirtí. Beidh an Taoiseach agus an Tánaiste míshásta gur tharla an t-aighneas i mbéal an phobail. Aimsir an olltoghcháin, bhí Fine Gael agus Fianna Fáil ag maíomh go bhféadfaí brath orthu chun cúrsaí tithíochta a láimhseáil, agus cuireadh muinín iontu. Is in olcas atá cúrsaí imithe ó shin, agus má theipeann orthu an ghéarchéim a smachtú, gach seans go dtosóidh muinín an phobail ag creimeadh.

Ábhar buartha do cheannairí an chomhrialtais agus bóthar achrannach amach rompu go fóill.