skip to main content

€530m d'fhíneál gearrtha ar TikTok ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí as sonraí úsáideoirí Eorpacha a aistriú chun na Síne

Tá €530 d'fhíneál gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar TikTok as sonraí pearsanta úsáideoirí san Eoraip a aistriú chun na Síne.
Tá €530 d'fhíneál gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar TikTok as sonraí pearsanta úsáideoirí san Eoraip a aistriú chun na Síne.

Tá €530 d'fhíneál gearrtha ag an gCoimisiún um Chosaint Sonraí in Éirinn ar TikTok as sonraí pearsanta úsáideoirí san Eoraip a aistriú chun na Síne.

Deir an Coimisiún um Chosaint Sonraí freisin gur chuir lucht an ardáin dhigitigh eolas míchruinn ar fáil dóibh.

Is le comhlacht Síneach, Bytedance, é TikTok.

Thug an Coimisiún um Chosaint Sonraí faoi fhiosrúchán maidir le TikTok i 2021. Thug TikTok le fios don choimisiún i gcónaí nach bhfuil sé mar chleachtas acu sonraí úsáideoirí na hEorpa a stóráil ar fhreastalaithe sa tSín.

Is leis an gcomhlacht Síneach ByteDance é an t-ardán digiteach TikTok

Ach an mhí seo caite, chuir TikTok in iúl don Choimisiún um Chosaint Sonraí gur tháinig siad ar eachtra amháin i mí Feabhra na bliana seo inar stóráladh sonraí líon teoranta úsáideoirí Eorpacha ar fhreastalaithe sa tSín. Tháinig an fógra sin salach ar an bhfianaise a bhí tugtha ag TikTok aon choimsiún ar dtús.

Deir na Coimisinéirí um Chosaint Sonraí, an Dr. Des Hogan agus Dale Sunderland, gur ionann sin agus sárú ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, GDPR.

Le cois na fineála atá gearrtha orthu, tá ordú tugtha go TikTok athchóiriú a dhéanamh ar a gcleachtas próiseála taobh istigh de shé mhí, sa treo is go mbeidh siad ag comhlíonadh a gcuid dualgas faoin GDPR faoin tráth sin. Tá cosc curtha ar aistriú sonraí úsáideoirí Eorpacha chun na Síne.

Deir TikTok go bhfuil na sonraí de chuid úsáideoirí Eorpacha a bhí stóráilte ar fhreastalaithe sa tSín scriosta acu.

Deir an Coimisiún um Chosaint Sonraí anseo go nglacann siad go fíordháirithe le sáruithe den tsaghas seo.

Tá TikTok le hachomharc a dhéanamh i gcoinne na fíneála.