skip to main content

Tá sé ráite ag gníomhaithe go ndearna Iosrael ionsaí dróin ar a long shibhialtach, a bhí ag triall ar Ghaza

Tháinig longa eile i dtarrtháil ar an long fóirithinte, a bhí trí thine, in uiscí amach ó chósta Mhálta aréir
Tháinig longa eile i dtarrtháil ar an long fóirithinte, a bhí trí thine, in uiscí amach ó chósta Mhálta aréir

Tá sé deimhnithe ag rialtas Mhálta go bhfuil na gníomhaithe a bhí ar bord loinge, a bhí ag triall ar Gaza chun fóirithint a sheachadadh, slán sabháilte. Rinne fórsaí Iosrael ionsaí dróin ar an long, amach ó chósta Mhálta aréir, a deir na gníomhaithe a d'eagraigh an misean.

"Dáréag criú a bhí ar bord, agus ceathrar sibhialtach. Níor gortaíodh aon duine", a tugadh le fios i ráiteas ar maidin.

"Bhí an long trí thine nuair a tháinig árthach eile i gcabhair ar an gcriú", a thug rialtas Mhálta le fios i ráiteas. Bhí an tine faoi smacht faoi 1:28am. Chuaigh fórsaí armtha Mhálta i gcabhair orthu freisin ar árthach eile. Faoi 2:13am, bhí sé deimhnithe go raibh gach duine a bhí ar bord slán sabháilte. Tá an long fóirithinte fós fágtha taobh amuigh d'uiscí Mhálta, agus tá monatóireacht á déanamh uirthi."

Deir na gníomhaithe a d’eagraithe an turas sibhialtach fóirithinte go ndearna fórsaí Iosrael ionsaí orthu aréir le linn dóibh a bheith in uiscí idirnáisiúnta, amach ó chósta Mhálta, agus iad ag triall ar Chríocha na Pailistíne.

Tá soláthráití bia ídithe go mór in Gaza, a deir an Clár Domhanda Bia

"The Conscience" is ainm don long, gur árthach í de chuid Chomhghuaillíocht na Saoirse.

"Long shibhialtach nach raibh armtha a ionsaíodh", a dúirt siad.

"Caithfear diancheisteanna a chur ar Iosrael. Is sárú é seo ar an dlí idirnáisiúnta gur ionsaigh siad long shibhialtach in uiscí idirnáisiúnta."

Níl aon ráiteas déanta ag Iosrael go fóill maidir leis na líomhaintí seo.

Thug Comhghuaillíocht na Saoirse le fios ina ráiteas freisin go raibh gníomhaithe ó 21 tír ar bord na loinge, agus go raibh sé mar aidhm acu dúshlán a thabhairt don "ghabháil mhídhleathach", atá déanta ag Iosrael ar Gaza agus fóirithint, atá ag teastáil go géar, a sheachadadh."

Ó 2ú Márta - tráth a chlis ar an sos cogaidh - tá cosc curtha ag Iosrael ar sheachadadh fóirithinte go Gaza.

Deir aireacht shláinte Gaza - atá faoi smacht Hamas – go bhfuil 52,418 Pailistíneach maraithe ag Iosrael in Gaza ó Dheireadh Fómhair 2023, tráth a rinne Hamas ionsaí ar Iosrael, ag marú 1,218 duine agus ag gábháil na gcéadta giall.

Tá 2.4m duine in Gaza agus deir Cumann na Croise Deirge go bhfuil cliste go hiomlán, nach mór, ar iarrachtaí cúnamh daonnúil a chur ar fáil don phobal ansin, i ndiaidh cúig mhí dhéag den chogaíocht.

Tá os cionn 50,000 duine maraithe in Gaza ó Dheireadh Fómhair 2023, agus tá na céadta míle
aslonnaithe.

Ó thús an chogaidh seo, tá fainic curtha ag na Náisiúin Aontaithe ar Iosrael go bhfuil muintir Gaza i mbaol gorta.

Thug an Clár Domhanda Bia, atá á reáchtáil ag na Náisiúin Aontaithe, le fios an tseachtain seo caite go bhfuil na soláthairtí bia ídithe go mór.