skip to main content

Richard Satchwell ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú a mhná céile

Fritheadh corp Tina Satchwell (45) curtha sa talamh faoin staighre i dteach in Eochaill mí Dheireadh Fómhair 2023
Fritheadh corp Tina Satchwell (45) curtha sa talamh faoin staighre i dteach in Eochaill mí Dheireadh Fómhair 2023

Chaith an ghiúiré i dtriail Richard Satchwell atá cúisithe ina bhean chéile Tina a dhúnmharú i gCo Chorcaí 8 mbliana ó shin formhór an lae inniu ag féachaint ar agallaimh a rinne an té atá cúisithe sna meáin sna míonna tar éis dá bhean a ghabháil ar iarraidh.

Tá Richard Satchwell (58) ag pléadáil neamhchiontach i ndúnmharú a mhná céile i 2017.

Taispeánadh agallamh don ghiúiré a rinne Richard Satchwell le Nuacht TV3 mí Iúil 2017 inar fiafraíodh dó ar mharaigh sé a bhean Tina. Dúirt sé nár mharaigh agus nár leag sé méar uirthi riamh in san 30 bliain a bhí siad le chéile.

Richard Satchwell ar Prime Time

Chonaic an ghiúiré clár faisnéise Prime Time a craoladh ar RTÉ mí Eanáir 2018 inar dhúirt Richard Satchwell go raibh rud éigin ag cur as do Tina sna míonna sular imigh sí ar iarraidh agus gur bhraith sé go raibh sos de dhith uirthi lena cuid smaointe agus mothúcháin a chur in eagar.

In agallamh eile ar TV3 dúirt sé nach bhféadfadh sé a dhéanamh amach cén fáth nach raibh sí i dteagmháil leis ó d'imigh sí.

Nuair a fiafraíodh dó san agallamh cén fáth ar fhan sé 4 lá théis do Tina a bheith ar iarraidh sular chuir sé fios ar na Gardaí dúirt sé go raibh a dhochtúir teaghlaigh ar aon intinn leis gur chóir dó roinnt ama a thabhairt di.

Seinneadh píosaí d'agallaimh a rinne Richard Satchwell leis na stáisiúin raidió áitiúla i gCorcaigh, Red FM agus Cry FM mí an Mhárta 2018, bliain i ndiaidh do Tina a ghabháil ar iarraidh.

Sna hagallaimh sin deir Richard Satchwell go raibh pearsantacht i bhfad níos láidre ag Tina ná mar atá aige féin. Dúirt sé freisin go mbíodh Tina á bhualadh ó ham go chéile ach nár bhuail seisean ise riamh. Bheadh trua aige a dúirt sé ar dhuine ar bith a mbeadh sé dé dhánacht acu í a bhualadh agus dá ndéanfadh gurb iad féin a bheadh thíos leis.

Dúirt Richard Satchwell gur tháinig roinnt daoine i dteagmháil leis théis do Tina a ghabháil ar iarraidh ag rá go raibh sí feicthe acu agus dúirt sé gur thug sé na tuairiscí sin do na Gardaí mar go mbeadh praiseach déanta aige féin ag iarraidh a theacht uirthí.

Thug sé le fios san agallamh le Red FM go raibh seal caite sa bpríosún aige as calaois a bhain le h-íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus gur bhfearr leis a bheith ar ais sa bpríosún ná an chaoi a bhfuil sé fágtha.

Leanfaidh an triail Dé Máirt seo chugainn.

Beidh tuilleadh faoin scéal sin ag Peadar Mac Gaoithín ar Nuacht TG4 ag a 7