skip to main content

Socrú ar aighneas 3 mhí, tosaíocht ag Meiriceá ar mhianraí na Úcráine agus maoiniú geallta do chosaint na tíre sin

Tús áite ag Meiriceá ar mhianraí na hÚcráine agus an tír sin ag súil tacaíocht Washington a threisiú
Tús áite ag Meiriceá ar mhianraí na hÚcráine agus an tír sin ag súil tacaíocht Washington a threisiú

Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Úcráin théis conradh a shíniú, margadh atá á éileamh le ráithe ag an Uachtarán Donald Trump, a thabharfaidh fabhar agus tosaíocht ar stór mianraí na hÚcráine do Mheiriceá ar mhaithe le ciste nua infheistíochta atá geallta leis an Úcráin a athógáil.

Tráthnóna i Washinton a cuireadh peann le pár ar an socrú théis 3 mhí d'aighneas agus achrann agus caint fiú ar maidin go mbeadh tuilleadh moille ar an margadh.

Comhchiste atógála atá beartaithe mar chuid den socrú síochána atá an tUachtarán Trump ag iarraidh a dhéanamh leis an Rúis atá i mbun cogaidh leis an Úcráin anois le 3 bliana.

Tá Rialtas na hÚcráine ar a ndícheall ag iarraidh gaol níos gaire a chothú leis an Teach Bán théis argóintí go leor ó hinsealbhaíodh Trump mí Eanáir, gaol tá súil acu a choinneoidh tacaíocht na Stát Aontaithe leo agus iad á gcosaint féin.

Aire Airgeadais na Stát Aontaithe Scott Bessent agus LeasPhríomhaire na hÚcráine Yulia Svyrydenko

Dúirt Roinn an Airgeadais i Meiriceá go léiríonn an conradh "dúthracht Rialtas Trump i leith saoirse, ceannas agus rath na hÚcráine".

Dúirt LeasPhríomhaire na hÚcráine Yulia Svyrydenko go mbeadh Meiriceá ag cur airgid sa gciste atógála agus i dteanta an airgid a dúirt sí ar X "b'fhéidir go mbeadh cuidiú NUA freisin ar fáil as Meiriceá - córais cosanta aeir don Úcráin mar shampla".

Níl aon ráiteas déanta ag na Meiriceánaigh faoin dóchas sin.

As Washington is mó atá maoiniú airm tagtha ag na hÚcránaigh ó rinne an Rúis ionradh i 2022, - €64 billiún measann Institiúid Kiel sa nGearmáin.

Deir Yulia Svyrydenko freisin go sonraíonn an conradh "céard ar a ndéanfar mianadóireacht agus cén áit" agus go sonraítear gur in úinéireacht na hÚcráine go fóill atá fo-ithir na tíre.

Tá saibhreas mianraí - miotail tearc-chré ina measc - i gcré na hÚcráine, ábhar a bhfuil tóir air i dtáirgí leictreonach, feithiclí leictreach agus mórchuid feidhmeanna míleata.

Tá lámh in uachtar go domhanda san mianadóireacht agus san bpróiseáil mianraí ag an tSín, atá anois i mbun coimhlinte tráchtála le Meiriceá ó d'ordaigh Trump ardú géar ar dhleachtanna agus taraif tráchtála.

Tá meall mór iarainn, úráiniam agus gás nádúrtha freisin i seilbh na hÚcráine.

Deir Yulia Svyrydenko go leagan an conradh nua amach nach bhfuil aon fhiacha ar an Úcráin ar an maoiniú atá tagtha as Meiriceá, ábhar a bhí ina chnámh spairne ón tús san idirbheartaíocht le roinnt míonna.

Glacann an conradh freisin a deir sí le feachtas na hÚcráine ballraíocht a bhaint amach san Aontas Eorpach.