Deir an comhlacht déantúsaíochta sliseanna, Intel, go bhfuil siad le poist a chiorrú. Tá siad ag iarraidh "cuíchóiriú" a dhéanamh ar an eagraíocht, a deir siad. Cuirfidh siad deireadh le poist bhainistíochta áirithe, le go mbeifear in ann cinntí a dhéanamh go pras.
Níor fhógair Intel líon na bpost a gcuirfear deireadh leo, ach tuairiscíodh in Bloomberg an tseachtain seo go bhfuil siad ag iarraidh 20% dá n-oibrithe a scaoileadh chun bealaigh ar fud an domhain.
Thug an comhlacht le fios go bhfógrófar líon na bpost a thiocfaidh chun deireadh faoi mhí Iúil.
Ní fios go fóill an gcaillfear poist in Éirinn.
é seo d'oibrithe de chuid Intel in Éirinin
Tá sé ráite ag an Aire Fiontair, Peter Burke, go bhfuil sé féin agus an Ghníomhaireacht Forbartha Tionscail ag leanúint de chainteanna le Intel in Éirinn. Dúirt sé dtuigeann sé gur am deacair é seo do na hoibrithe atá ag obair don chomhlacht sa tír seo.
"Is rud dearfach é", a dúirt an tAire Burke, "go bhfuil na hoibrithe in Éirinn dírithe, a deir sé, i gcónaí ar príomhghnó Intel sa tír seo, is é sin, ar shliseanna agus ar leathsheoltóirí a dhéanamh. Is gníomhaíochtaí príomhúla iad siúd in Éirinn."
Tá Intel lonnaithe in Santa Clara, California. Tá 108,900 duine fostaithe acu ar fud an domhain, 4,900 duine i Léim an Bhradáin i gContae Chill Dara ina measc.
iarraidh díriú anois ar phríomhghnó Intel, innealltóireacht, agus deireadh a chur le castacht bhainistíochta
Tá 300 duine fostaithe acu i gContae an Chláir chomh maith, ach bhí sé fógartha acu cheana níos túisce i mbliana go ndúnfaidís a mhonarcha sa tSionainn faoi dheireadh na bliana.
Tá torthaí airgeadais laga tuartha acu don bhliain amach romhainn. Nuair a fógraíodh an réamhaisnéis sin, thit luach scaireanna an chomhlachta.
I meamram a scaip Príomhfheidhmeannach Intel, Lip-Bu Tan, i measc fostaithe, thug sé le fios go mbeadh orthu díriú ar phréamhacha Intel, is é sin, innealltóireacht, agus fáil réidh le casacht bhainistíochta san eagraíocht.