Tá feachtas tosaithe ag gaolta fir a chuir lámh ina bhás féin tar éis dó Rannóg Éigeandála Ospidéal na Gaillimhe a fhágáil, le go gcuirfí conair speisialta ar fáil do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu, a théann chuig an Rannóg Éigeandála.
An tseachtain seo chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte téarmaí tagartha a n-athbhreithnithe ar fáil do theaghlach Adam Loughnane a bhí 34 bliain d'aois agus a bhásaigh go tragóideach i mí Feabhra.
Céimí céadonóracha sa mhatamaitic a ba é Adam Loughnane as Dabhach Uisce i gcathair na Gaillimhe.
Chuaigh sé chuig Rannóg Éigeandála Ospidéal na hOllscoile Gaillimh ar an 11 Feabhra i mbliana ag lorg cabhrach.
Dúirt sé leis an fhoireann go raibh fonn air lámh a chur ina bhás féin.
Rinneadh réamhmheasúnú air agus iarradh air fanacht sa tseomra feithimh go dtí go mbeadh dochtúir ón aonad meabhairshláinte ar fáil le labhairt leis.
I ndiaidh dhá uair a chloig ag fanacht gan dochtúir a fheiceáil, fhág Adam an otharlann.
Tógadh a chorp as abhainn na Coiribe uair a chloig níos déanaí.

Tá feachtas tosaithe ag a mhuintir ar Uplift.ie ag iarraidh ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte conair ar leith cúraim a chur ar fáil i Rannóga Timpistí agus Éigeandála do dhaoine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte acu.
Creideann a dheartháir Joe Loughnane go mbeadh Adam beo inniu dá mbeadh córas ar leith i bhfeidhm sa Rannóg Éigeandála do othair a chuireann in iúl go bhfuil siad i gcontúirt iad féin a chur den tsaol.
Dúirt sé le Nuacht go gcaithfidh malairt córais a bheith ar fáil don té atá i mbaol.
"Ba cheart go mbeadh taifid leighis an othair sin ar fáil don fhoireann láithreach agus ba cheart d’fhoireann an ospidéil an t-othar achur in áit shábháilte ar leith agus súil a choimeád air."
"Nuair a théann duine a bhfuil deacrachtaí meabhairshláinte aige chuig an Rannóg Éigeandála, is minic nach mbíonn a riocht sláinte soiléir ná feiceálach ná chomh sofheicthe leis an té a bhfuil pian fhisiciúil air, agus dá bhrí sin cuirtear i leataobh iad go minic agus fágann siad an Rannóg gan aon duine a fheiceáil."
Bhíodh Adam ag triail ar Aonad Meabhairshláinte Ospidéal na hOllscoile go minic – go deimhin bhí sé sa Rannóg Éigeandála ceithre lá roimhe sin.
Creideann Joe gur cheart go mbeadh deasc nó pointe seirbhíse ar leith san Aonad Meabhairshláinte a ghníomhódh mar chineál de rannóg éigeandála ar leith do othair a bhfuil deacrachtaí acu lena sláinte intinne.
Deir sé dá gcuirfí Adam caol díreach chuig an Aonad Meabhairshláinte seachas tabhairt air fanacht sa Rannóg Éigeandála go dtí go gcruthófaí go raibh sé i gcontúirt, go mbeadh sé beo inniu.
"Ba cheart dóibh glacadh lena ráiteas nuair a dúirt sé go raibh rún aige lámh a chur ina bhás féin. Dá mbreathnófaí ar a chuid taifid leighis d’fheicfí go raibh seo déanta aige roimhe agus go raibh seal caite aige faoi chúram an Aonaid Meabhairshláinte."
Ba léir go raibh Adam réidh agus ag súil go gcoinneofaí istigh é an oíche sin, a deir Joe:
"Bhí a mhála pacáilte aige a réitigh sé an mhaidin sin i gcomhar le hoibrí tacaíochta ón eagraíocht COPE a bhí ag cabhrú leis. Bhí a chuid pitseámaí agus a stocaí sa mhála aige, réidh le cúpla oíche ag chaitheamh san Aonad mar gheall gur chreid sé nach raibh ar a chumas aire a thabhairt dó féin."
Ina áit sin thánagthas ar an mhála chéanna ar bhruach na Coiribe cúpla uair a chloig níos déanaí.
Creideann Joe go raibh baint ag an fhad a chaith sé ag fanacht le cúram a fháil sa Rannóg Éigeandála lena chinneadh an t-ospidéal a fhágáil "mar nach bhféadfadh sé cur suas leis níos mó."
Trí lá i ndiaidh bhás tragóideach Adam, d’fhógair an Fheidhmeannacht Sláinte athbhreithniú faoin dóigh ar caitheadh leis ón uair a chuaigh sé isteach tráthnóna an 11 Feabhra.

Cuireadh na téarmaí tagartha ar fáil an tseachtain seo agus tuigtear do theaghlach Adam go mbeidh sé ar a laghad 4 mhí sula mbeidh an t-athbhreithniú críochnaithe.
"Is dócha ná a mhalairt go ngabhfaidh an tospidéal a leithscéal linn," a dúirt Joe, "ach is mian linn go nglacfadh an tospidéal leis go ndearna siad neamart in Adam."
Ba mhaith linn go gcuirfeadh siad a lámha in airde agus go n-admhódh siad gur dhúirt Adam leo roinnt uaireanta roimhe sin – fiú amháin 4 lá roimh ré - go raibh sé i mbaol, ach go ndearna siad neamhaird air.
"Ach is mian linn go n-admhódh siad go gcaithfidh siad a gcur chuige le hothair cosúil le Adam a athrú, mar ní hí seo an chéad dá leithéid tarlú san ospidéal seo ná in ospidéil eile ar fud na tíre," a dúirt Joe.
Creideann Joe nach fiú athbhreithniú mura bhfuil sé i gceist aon athrú a chur i bhfeidhm.
Beidh beirt dhochtúirí sinsearacha – síciatraí comhairleach ó Sheirbhísí Meabhairshláinte Shligigh agus Liatroma chomh maith le Dochtúir Comhairleach i Leigheas Éigeandála in ospidéal na hOllscoile i gCaisleán an Bharraigh – ina measc siúd a bheidh ar fhoireann an athbhreithnithe.