Tá iarbhainisteoir fhoireann peile Chiarraí Mick O'Dwyer tar éis bháis in aois a ocht mbliana agus ceithre scór.
Duine de mhórphearsana spóirt na hÉireann ab ea 'Micko' agus is iomaí bonn, craobh, corn agus gradam nach iad a bhuaigh sé mar imreoir agus mar bhainisteoir i gcaitheamh a shaoil.
Ceithre chraobh Uile-Éireann a bhuaigh sé mar imreoir agus ocht gcraobh mar bhainisteoir ceannródaíoch ar an scothfhoireann cháiliúil úd a bhí ag Ciarraí sna seachtóidí agus sna hochtóidí.
Ba mhinic na Ciarraígh an uair úd, faoi stiúir fhear an Choireáin, i ndeabhaidh chosbháire le sárfhoireann Bhaile Átha Cliath a raibh Kevin Heffernan ina ceannas, cluichí atá greanta go domhain agus go snoite i gcloch oiris Chumann Lúthchleas Gael.
Gan Craobh na hÉireann a bhac, bhuaigh Mick O'Dwyer Craobh na Mumhan 23 uair agus an tSraith Náisiúnta aon uair déag mar imreoir agus mar bhainisteoir araon.

Cé gur Ciarraíoch dílis go smior a bhí ann, bhí tóir ar a ardchumas i gcontaetha eile leis agus mealladh é ag foirne nach raibh ag cruthú go maith – mar atá, Cill Dara, Laois, Cill Mhantáin agus an Clár – le súil go ndéanfadh sé leann den bhraich, siúd is go mb'fhear é a staon riamh ón deoch mheisciúil.
Go deimhin, bhain Cill Dara Craobh Laighean i 1998 agus in 2000 faoi lámh stiúrtha Mick O'Dwyer agus chuaigh an fhoireann sin chomh fada le cluiche ceannais Chraobh na hÉireann i 1998, tráth a fuair Gaillimh an ceann is fearr orthu le ceithre chúilín.
Is mar óstóir agus adhlacóir sa Choireán a shaothraigh Mick O'Dwyer a bheatha.
Bhásaigh a chéad bhean chéile Mary Carmel in 2012 agus phós sé Geraldine Shields in 2023.
Maireann a chlann mhac John, Robbie agus Karl. Bhásaigh roimhe mac eile, Michael.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ