Léirsigh tuismitheoirí a bhfuil uathachas ar a bpáistí taobh amuigh de Dháil Éireann inniu an Lá Domhanda Feasachta ar Uathachas.
Tá uathachas ar dhuine as gach scór páistí scoile, de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Roinn Oideachais, ar méadú faoi thrí é le beagnach deich mbliana.
Deir síceolaithe go bhfuil trí phríomhchúis leis an méadú sin, mar atá, tuiscint níos fearr i measc an phobail ar an ní is uathachas ann, diagnóisiú níos fearr, agus tuilleadh comharthaí sóirt a bheith á gcur san áireamh nuair atá daoine á measúnú.
Ainneoin an riachtanais, tá tuismitheoiri míshásta nach bhfuil dóthain áiteanna cuí i scoileanna na tíre dá gclann.
Ghlac os cionn os cionn 200 tuismitheoir páirt san agóid taobh amuigh de Theach Laighean ag am lóin chun aird a tharraingt ar an gceist sin go háirithe agus beidh siad ag codladh amuigh ann anocht.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ