skip to main content

Éan coimhthíoch an húpú ag tarraingt cainte in Árainn

San Afraic agus i ndeisceart na hEorpa a bhíonn an húpú ach tagann corr-cheann go hÉirinn gach bliain.
San Afraic agus i ndeisceart na hEorpa a bhíonn an húpú ach tagann corr-cheann go hÉirinn gach bliain.

Tá cuairteoir beag clúmhach in Inis Mór i gContae na Gaillimhe ag tarraingt aird lucht faire éan le seachtain anuas. Fíor bheagán den Húpú a fheictear sa tír seo mar gur annamh a thagann siad chomh fada seo ó thuaidh as an Afraic agus as deisceart na hEorpa.

I bhFearann an Choirce, in Árainn na laetha seo feicfidh tú daoine agus a ndéshúiligh in airde acu ag amharc uathu go fiosrach. Ag cuartú an húpú, an cuairteoir is déanaí chun an oileáin as ríocht na n-éan atá siad, ach tá sé deacair theacht ar an éinín gleoite seo.

Tá an húpú chomh mór leis an londubh agus gob fada géar air. Ach sé an dath dubh agus donndhearg atá ar a chíor, chomh maith leis na stríoca dubha agus bána atá ar a sciatháin a chuireann cuma shuaithinseach ar an éan beag coimhthíoch.

Tugann na dathanna seo duaithníocht don Húpú, rud a fhágann go mbíonn sé deacair a aimsiú san fhéar, fiú amháin i mbuailí glasa Árainn.

Tá Ríona Ní Aodha as Indreabhán ar dhuine acu siúd a thaisteal go hInis Mór le cúpla lá ag dúil le radharc a fháil ar an húpú. Tá sise ag faire ar éanacha ó bhí sí naoi mbliana d'aois ach ní fhaca sí éan chomh neamhghnáth seo ariamh.

Chuaigh Ríona Ní Aodha isteach go hÁrainn go bhfeicfeadh sí an húpú.

"Chuala mé seachtain ó shin go raibh an húpú in Inis Mór. Ní raibh sé feicthe ariamh cheana agam – is cosúil nach bhfacthas níos mó ná 30 ceann acu i gcontae na Gaillimhe ariamh. Chuaigh mé isteach go hInis Mór Dé Sathairn ach bhí an lá go dona agus cheap muid nach n-éireodh linn é a fheiceáil."

Ach cuireadh an dubh iontas ar Ríona i bhFearann an Choirce – ní amháin go bhfaca sí húpú amháin ach thuirling an dara ceann sa pháirc chéanna!

Is i bhFearann an Choirce idir Cill Éinne agus Cill Mhuirbhigh atá an húpú a caitheamh seal

Níl fhios ag Ríona an fireann nó baineann atá an chuid a chonaic sí, nó an i gcuideachta a chéile a bhí siad. "Is deacair an difríocht idir an ceann fireann agus baineann a aithint – bíonn an ceann baineann díreach chomh hildaite céanna leis an gceann fireann," a deir sí.

San Afraic agus i ndeisceart na hEorpa a bhíonn an t-éan ach tagann corr-cheann go hÉirinn gach bliain. "Tá siad an-annamh go deo sa tír seo – cheapfá gur ar strae a chuaigh siad ar a dturas aneas as an Afraic," a deir Ríona.

Tá Ríona Ní Aodha ag faire éin ó bhí sí 9 mbliana d'aois

An té atá foighdeach agus a bhfuil neart ama aige, éireoidh leis theacht ar an éan seo. Ach beidh tamall air, a deir Córa Ní Chonghaile atá ina cónaí in aice na háite a raibh sé le cúpla lá.

"Tá sé feicthe agam chuile lá le seachtain - tagann sé thart ar a 3 a chlog agus bíonn sé ansin ag imeacht thart sa ngarraí."

Tá a sceideal féin ag an éan dathúil seo a deir Córa! "Thart ar ar a 3 a chlog a thagann sé agus fanann sé ansin go dtí go dtiteann an oíche. Bíonn na gasúir amuigh ag spraoi ach ní thugann sé aon aird orthu – ní chorraíonn sé as an spota sin ar feadh an tráthnóna."

Tá daoine ag tarraingt ar Fhearann an Choirce sa tóir ar an húpú, a deir Córa Ní Chonghaile

Deir sí go bhfuil roinnt mhaith daoine ag tagtha isteach leis an iontas a fheiceáil. "Éireoidh mé ar maidin ag a 7 a chlog agus beidh daoine amuigh ag breathnú ar an éan! Caitheann siad tamall fada ina suí ansin ag fanacht go bhfeicfidh siad é."

As a ghlao a fuair an t-éinín a ainm: an fhuaim bhinn húpú, pú, a dhéanann sé, ach is gnáth leis a bheith ina thost taobh amuigh de shéasúr an ghoir. Gaireann an t-éan fireann ar feadh i bhfad san earrach agus sa tsamhradh agus corruair bíonn sé i mbun ceol beirte le héan amháin eile.

Is cosúil nach gcaitheann an húpú ach seal coicíse san áit a dtéann sé ar cuairt, mar sin b’fhearr don té a bhfuil suim aige san éinín deismir seo deifir a dhéanamh go hÁrainn gan mhoill.