D'fhéadfadh sé go gcaillfeadh breis is 900 duine go domhanda a bpostanna san eagraíocht fóirthinte Goal a bhuíochas don ghearradh siar atá á dhéanamh go hidirnáisiúnta ar chistí airgeadais.
Sin suas le 30% den fhoireann oibre ansin san áisíneacht fóirthinte Éireannach.
Tá 28 díobh sin i mbaol na cailliúinte fostaíochta anseo.
Gan aireachtáil a tháinig an ciorrú suntasach ó Mheiriceá, an tír is mó a bhíodh ag deonadh airgid don eagraíocht go nuige seo.
É sin agus an gearradh siar ó thíortha eile san Eoraip is cionsiocair leis an ghéarchéim airgeadais i Goal a deirtear.
Feidhmíonn Goal i 14 tír ar fud an domhain.
Tá foirne oibre aige san Afraic,sa Mheánoirthear,Meiriceá Theas agus Láir agus sa Mhuir Chairb
€206m a fuair Goal mar ioncam i 2023, tháinig 50% de sin ó Rialtas Mheiriceá.
Is mór idir sin agus seo.
Tá beagnach na bpostanna ar fad ag U.S. AID caillte anois a bhuíochas do pholasaithe an uachtaráin nua ansin,Donald Trump a tháinig i gcumhacht i mí Eanáir.
Dhún sé an áisíneacht sin freisin.
Caolseans a déarfadh go leor go n-athróidh an tUasal Trump a chuid béasaí i leith dhaoine atá ar an ghannchuid agus dá réir nach i bhfeabhas a rachaidh an saol dóibh sna blianta atá romhainn.