Tá cáineadh láidir déanta ag Rialtas na Danmhairge ar ráiteas a rinne Leas-Uachtarán Mheiriceá,JD Vance inné le linn a chuairte ar oileán na Graonlainne san Atlantach Thuaidh.
Chuir an tUasal Vance i leith an rialtais i Copenhagen nach bhfuil sé ag déanamh dóthain infheistíochta ar mhaithe le slándáil an oileáin seo ar chiumhais an Chiorcail Artaigh.
Maíonn JD Vance freisin go bhféadfadh an Ghraonlainn a bheith i mbaol go mór ón tSín agus ón Rúis agus thug le fios go bhféadfadh an pobal a bheith thíos le 'siléig na Danmhairge'.
Ar ndóigh, tá suim léirithe ag Rialtas Mheiriceá faoi uachtaránacht Donald Trump san oileán freisin agus leidí tagtha uaidh le tamall nár mhiste leis an t-oileán a chur faoi cheannasaíocht Mheiriceá.
I ráiteas as X dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Danmhairge nár thaitin sé lena rialtas beag ná mór an tuin chainte ó JD Vance ach an oiread leis an mbealach ar sheol sé a theachtaireacht.
'Ní labhraíonn comhghualaithe mar sin le chéile' a dúirt Lars Løkke Rasmussen.
57,000 duine atá ina gcónaí sa Ghraonlainn, daoine den phobal Ionúiteach a bhformhór.
Tuigtear go bhfuil an t-oileán lán le mianraí agus taiscí ola; faoi láthair ní cheadaítear aon taiscéalaíocht ansin.
Níl aon ghean ag formhór an phobail ansin ar mhianta Uachtarán Mheiriceá seilbh a ghlacadh ar thalamh an oileáin.
Tá sé de mhian iontu a neamhspleáchas a lorg ón Danmhairg ach níor léirigh siad riamh go sonrach gur theastaigh forlámhas nó 'slándáil' Washington uathu.
Is í an Ghraonlainn freisin an t-oileán is mó ar éadan na cruinne seo, é 3 huaire chomh mór le stát Texas.
Is é Oileán Ellesmore, 26km ó thuaidh de an comharsa is gaire atá aige.