skip to main content

Breis is 1,600 marbh anois ag an gcrith talún

Scrios mór déanta agus líon ard maraithe
Scrios mór déanta agus líon ard maraithe

Tá a fhios gur maraíodh breis is 1,600 duine anois mar gheall ar an chrith mór talún a tharla i Maenmar Dé hAoine.

Faraor, de réir na dtuairiscí uillig, is in airde a ghabhfaidh an figiúir sin.

Áirítear suas le 2,500 gortaithe de bharr an chreatha.

Is ón 'Junta' míleata atá ag rialú na tíre a tháinig na figiúirí sin.

Bhain an crith croitheadh as áiteanna sa Téalainn agus sa tSín chomh maith.

Méid sheismeach de7.7 ar an scála richter a bhí aige de réir shuirbhéirí geolaíochta sna Stáit Aontaithe.

Ba é cathair Sagaing i lár Maenmar croílár an chreatha seo.

Tá lucht tarrthála ar a ndícheall ag iarraidh teacht ar dhaoine fós ina mbeatha sa smionagar.

Tá cúnamh á fháil acu ó thíortha eile, go háirithe an tSín, an Rúis agus an India.

Thart ar am lóin, am na háite, a tharla an crith seo .

Mar bharr ar an tubaiste, tharla iarchrith a raibh méid sheismeach de 6.4 ann cúpla nóiméad ina dhiaidh sin.

Naonar ar a laghad maraithe ó leagadh foirgneamh go talamh i Bangkok

Rinneadh damáiste ollmhór do bhonneagar an cheantair freisin – leacaíodh foirgnimh, scoilteadh bóithre agus thug an droichead is mó san áit uaidh.

Rinneadh an-damáiste chomh maith i bpríomhchathair Mhaenmar, Naypyidaw, atá 240 ciliméadar ó dheas ó Sagaing.

Leacaíodh foirgnimh sa Téalainn freisin agus tuairiscítear go bhfuil thart ar dhá scór oibrí sáinnithe faoi smionagar ilstóraigh a bhí siad a thógáil sa phríomhchathair, Bangkok.

Maraíodh naonar sa chathair sin de bharr an chreatha.

Airíodh an crith in iardheisceart na Síne leis.

Tá Saigaing agus an ceantar máguaird suite ar éasclíne geolaíochta, áit a bhfuil dhá phláta theicteonacha ag brú a chéile, agus tarlaíonn creathanna talún sa réigiún go rialta.

Tá staid éigeandála fógartha i Maenmar agus tá rialtas míleata na tíre ag achainí ar thíortha eile teacht i gcabhair orthu go téirimeach.

Bhraith seismeagraif in Éirinn an crith talún, más ar éigean féin é.

Ba i Loch Garman ba mhó a braitheadh an crith deirtear, go gairid tar éis 7 a chlog ar maidin,