Léiríonn na figiúirí is deireanaí ón Roinn Tithíochta go raibh beagnach 15,400 duine gan dídean nó ag cur fúthu i lóistín éigeandála sa Stát an mhí seo caite.
15,378 duine go baileach a bhí í gceist – an líon is mó a taifeadadh riamh – agus leanaí ab ea 4,653 díobh.
Méadú de 142 is ea é sin ar an líon daoine a bhí gan dídean i mí Eanáir.
Dar le Pat Dennigan ón gcarthanas Focus Ireland gur féidir an fhadhb a réiteach ach na beartais chuí a chur i gcion.
Cuir i gcás, a deir Pat Dennigan, ba cheart don Rialtas sciar níos mó den títhíocht shóisialta atáthar a thógáil a chur ar fáil do dhaoine atá gan dídean le tamall fada.
Cháin sé freisin an tAire Tithíochta James Browne as an moladh atá déanta aige deireadh a chur leis an gceart atá ag tionónta fanacht in situ má dhíolann an tiarna talún an áit chónaithe le húdarás áitiúil nó le gníomhaireacht tithíochta.
Beidh tuilleadh daoine fós fágtha ar an trá thirim má chuirtear an moladh sin i ngníomh, arsa an Duinneagánach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ