skip to main content

Na mílte maraithe, gortaithe i gcrith talún i Maenmar

Lorg an chreatha talún i bpríomhchathair Mhaenmar, Naypyidaw
Lorg an chreatha talún i bpríomhchathair Mhaenmar, Naypyidaw

Meastar gur maraíodh na mílte agus gur gortaíodh anrud daoine mar gheall ar chrith mór talún a tharla i Maenmar agus a bhain croitheadh as áiteanna sa Téalainn agus sa tSín chomh maith.

Deir suirbhéirí geolaíochta sna Stáit Aontaithe gur méid sheismeach de 7.7 a bhí sa chrith a tharla deich gciliméadar faoi thalamh tuairim is sé chiliméadar déag ó thuaidh ó chathair Sagaing in iarthuaisceart Mhaenamar.

Thart ar am lóin, am na háite, a tharla an crith agus, mar bharr ar an tubaiste, tharla iarchrith a raibh méid sheismeach de 6.4 ann cúpla nóiméad ina dhiaidh sin.

Rinneadh damáiste ollmhór do bhonneagar an cheantair freisin – leacaíodh foirgnimh, scoilteadh bóithre agus thug an droichead is mó san áit uaidh.

Rinneadh an-damáiste chomh maith i bpríomhchathair Mhaenmar, Naypyidaw, atá 240 ciliméadar ó dheas ó Sagaing.

Bóthar scoilte in Naypyidaw

Leacaíodh foirgnimh sa Téalainn freisin agus tuairiscítear go bhfuil thart ar dhá scór oibrí sáinnithe faoi smionagar ilstóraigh a bhí siad a thógáil sa phríomhchathair, Bangkok.

Airíodh an crith in iardheisceart na Síne leis.

Tá Saigaing agus an ceantar máguaird suite ar éasclíne geolaíochta, áit a bhfuil dhá phláta theicteonacha ag brú a chéile, agus tarlaíonn creathanna talún sa réigiún go rialta.

Tá staid éigeandála fógartha i Maenmar agus tá rialtas míleata na tíre ag achainí ar thíortha eile teacht i gcabhair orthu go téirimeach.

Bhraith seismeagraif in Éirinn an crith talún, más ar éigean féin é.

Íomhá ó Líonra Seismeach Náisiúnta na hÉireann

Ba i Loch Garman ba mhó a braitheadh an crith go gairid tar éis 7 a chlog ar maidin, mar a léiríonn an spíceáil sa ghraf thuas.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ