skip to main content

Dáil le vóta a chaitheamh ar rún mímhuiníne sa Cheann Chomhairle

An Ceann Comhairle Verona Murphy
An Ceann Comhairle Verona Murphy

Caithfear vóta i nDáil Éireann Dé Máirt seo chugann ar rún mímhúiníne sa Cheann Chomhairle atá dréachtaithe ag an bhfreasúra.

Tá an rún le moladh go hoifigiúil amárach ag na cúig pháirtí freasúra atá i gceist – Sinn Féin, Páirtí an Lucht Oibre, na Daonlathaithe Sóisialta, Éire Neamhspleách agus Pobal Roimh Bhrabús-Dlúthpháirtíocht.

Maíonn na páirtithe sin go ndeachaigh Verona Murphy i gcomhar leis an Rialtas lena chinntiú go dtabharfaí cearta labhartha do Theachtaí Dála a thacaíonn leis an Rialtas.

Tá an líomhain sin séanta go láidir ag Verona Murphy agus dúirt sí gur chloígh sí go dílis le nósanna imeachta na Dála díreach mar a chomhairligh oifigigh neamhspleácha di.

Thug sí le fios freisin nach raibh bara ar bith fúithi éirí as mar Cheann Comhairle mar atá á éileamh ag an bhfreasúra.

Ní baol go rithfear an rún mímhuiníne sa Dáil an tseachtain seo chugainn ó tá móramh ag an Rialtas ann, cad eile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ